Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí
Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil
Faisnéis
Uimhir thagartha na tairisceana
EASME/H2020/2015/022.
Teideal
Spreagthaí nuála ó gheilleagair éiritheacha a ghabháil.
Tuairisc
Ba mhian le EASME conradh seirbhíse a dhéanamh. Is é cuspóir an chonartha seirbhíse seo bosca uirlisí a sholáthar don Aontas Eorpach lena gcuirfear ar chumas gníomhaireachtaí nuála agus cothaithe trádála seirbhísí níos fearr a sholáthar d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide a dteastaíonn uathu deiseanna fáis a réadú trí dhul i ngleic le margaí éiritheacha le gníomhaíochtaí nuála spriocdhírithe.
Cineál an Chonartha
Seirbhísí
Cineál an Nós Imeachta
Nós imeachta oscailte
Stádas
Dúnta
Foilsithe ar TED
Garspriocanna
Dáta foilsithe TED
25/08/2015 00:00
Teorainn ama chun iarratais ar dhoiciméid a fháil nó chun doiciméid a rochtain
Neamhbhainteach
Spriocdháta le haghaidh Ceisteanna
15/11/2015 22:59 UTC+01:00
Spriocdháta le haghaidh Freagraí
N/A
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí
20/11/2015 23:59
Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt (dáta)
27/11/2015 10:30
Bearta
Uimhir an Bhirt
Teideal
Tuairisc
Beart 1
Timpeallacht foghlama chun feasacht a mhéadú ar chumarsáid gnó idirchultúrtha agus ar ghné chultúrtha margaí i ngeilleagair éiritheacha
Beidh beart 1 dírithe ar féinmheasúnú agus feasacht a chruthú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide na hEorpa agus ar fhaisnéis chúlra a sholáthar maidir le cumarsáid idirchultúrtha mar aon le faisnéis shainiúil ar an gcultúr gnó i 'gcriosanna cultúir'. Bainfidh fostaithe aonair nó foireann bainistíochta fiontair leas as an bhféinmheasúnú a fhorbrófar. Ullmhóidh sé an chuideachta/fostaí le bheith rannpháirteach i ngeilleagair éiritheacha. Tabharfaidh sé an t-eolas riachtanach don fhoireann a bheidh ag caidreamh le comhpháirtithe gnó, tomhaltóirí nó cliaint ionchais i ngeilleagair éiritheacha, chun an ghné chultúrtha a aithint agus plé léi i margaí agus i gcaidreamh pearsanta.
Beart 2
An ghné chultúrtha agus riachtanais shainiúla margaí éiritheacha atá 'in-situ' sa mhargadh éiritheach a ghabháil, a thuiscint agus a léirmhíniú
Tá beart 2 dírithe ar thumadh sealadach tionlactha chinnteoirí FBManna i margadh éiritheach d'fhonn spreagthaí a ghabháil le haghaidh ghníomhaíochtaí nuála na cuideachta. Beidh an tseirbhís a chuirfear ar fáil dírithe ar bhainisteoirí FBManna a bhfuil sé de chumhacht acu cinntí a dhéanamh nó a ullmhú maidir le díriú straitéiseach ghníomhaíochtaí nuála na cuideachta.
Beart 3
Cabhrú ‘ex-situ’ le comhoibriú slabhraí luacha nua i ngeilleagair éiritheacha
Tá beart 2 dírithe ar 'léargas ar an margadh' a aistriú ina dtionscadail nuála nó infheistíochta trí phiaraí/úsáideoirí cinn/páirtithe gnó a chuimsiú in ullmhú tionscadal nithiúil le haghaidh slabhraí luacha nua. Beidh an tseirbhís a thairgfear dírithe ar bhaill foirne bainistíochta nó saineolaithe sinsearacha a ullmhaíonn tionscadail nuála nithiúla.
Fógraí