Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí
Faisnéis
Uimhir thagartha na tairisceana
AO 797
Teideal
Imscrúduithe ar shuiteálacha teicniúla agus leictreacha
Tuairisc
Baineann na seirbhísí le feidhmiú faoin gconradh seo le himscrúduithe ar na suiteálacha teicniúla agus leictreacha de na foirgnimh faoi áitíocht Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, arna sainiú in Iarscríbhinn A leis na sonraíochtaí.Foroinntear na himscrúduithe ar shuiteálacha teicniúla agus leictreacha ina dhá gclár:a) grúpa I — Imscrúduithe tréimhsiúla ar shuiteálacha teicniúla agus leictreacha; agusb) grúpa II — imscrúduithe ad-hoc ar shuiteálacha teicniúla agus leictreacha, i dteannta le himscrúduithe tréimhsiúla, tar éis iarratas sonrach a fháil ón gCúirt.
Cineál an Chonartha
Seirbhísí
Cineál an Nós Imeachta
Nós imeachta oscailte
Stádas
Dúnta
Foilsithe ar TED
Conas tairiscint a chur isteach
Go leictreonach
Eolas mar gheall ar chonradh poiblí, creat-chomhaontú nó córas ceannaigh dinimiciúil (CDD)
Conradh poiblí
Proifíl an cheannaí - Seoladh (URL)
Modh dámhachtana
An praghas is ísle
Main CPV
71600000
NUTS
LU
Additional CPV
Supplementary CPV
71630000
71700000
Coinníollacha rannpháirtíochta
Suitability to pursue the professional activity, including requirements relating to enrolment on professional or trade registers
Ní mór do thairgeoirí a chruthú go bhfuil inniúlacht dhlíthiúil acu an conradh a chur chun feidhme agus inniúlacht rialála chun tabhairt faoin ngníomhaíocht ghairmiúil is gá chun an obair atá mar ábhar an ghlao seo ar thairiscintí a chur i gcrích. Is ionann na riachtanais i dtéarmaí an chumais dhlíthiúil agus an méid a leanas:— caithfidh na tairgeoirí a bheith cláraithe sa chlár gairmiúil nó sa chlár ceirde faoi na coinníollacha arna leagan síos i reachtaíocht na tíre ina mbíonn an tairgeoir bunaithe.
Economic and financial standing - List and brief description of selection criteria
Ní mór do thairgeoirí na critéir roghnúcháin seo a leanas a chomhlíonadh chun a chruthú go bhfuil an cumas eacnamaíoch agus airgeadais acu an conradh a fhorghníomhú i gcomhréir le forálacha conarthacha, agus luach measta agus méid na seirbhísí á gcur san áireamh. Is ionann an riachtanas i dtéarmaí an chumais eacnamaíoch agus airgeadais agus an méid seo a leanas:— polasaí árachais a bheith ag an tairgeoir lena gclúdaítear an riosca ceirde i ndáil leis an gcineál seirbhísí a chumhdaítear leis an gconradh seo. Ní mór don tairgeoir cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil árachas aige lena gclúdaítear aon damáiste arna dhéanamh ag a fhoireann, ag conraitheoirí agus/nó fochonraitheoirí don fhoirgneamh, na suiteálacha agus/nó foireann na Cúirte i rith thréimhse iomlán sholáthar na seirbhísí.Mura bhfuil an tairgeoir ábalta na modhanna cruthúnais riachtanacha a sholáthar, ar chúis ar leith a mheasann an Chúirt de bheith cóir, tugtar cead dóibh fianaise maidir lena acmhainneacht airgeadais a sholáthar trí chaoi ar bith a mheasann an Chúirt de bheith oiriúnach.
Economic and financial standing- Minimum level(s) of standards possibly required
Technical and professional ability - List and brief description of selection criteria
Ní mór do thairgeoirí na critéir roghnúcháin seo a leanas a chomhlíonadh chun a chruthú go bhfuil an cumas teicniúil agus gairmiúil acu an conradh a fhorghníomhú i gcomhréir le forálacha conarthacha, agus luach measta agus méid na seirbhísí á gcur san áireamh.Is ionann na riachtanais i dtéarmaí an chumais theicniúil agus ghairmiúil agus an méid a leanas:— ní mór faomhadh a bheith faighte ag an gconraitheoir le haghaidh na réimsí teicniúla a chumhdaítear leis an gconradh mar chomhlacht cigireachta formheasta in Ard-Diúcacht Lucsamburg i gcomhréir leis an Rialachán Aireachta de 6.5.1996 maidir le hidirghabháil comhlachtaí cigireachta i ndáil le hinniúlacht agus freagrachtaí Chigireacht an tSaothair agus na Mianach. I gcás tairgeoirí atá cláraithe i dtír éigin eile den AE, is féidir creidiúnú coibhéiseach arna eisiúint sa tír ina mbíonn an tairgeoir cláraithe, a thaisceadh le linn an phróisis tairisceana. Is amhlaidh sa chás sin nach foláir don Chigireacht Saothair agus Mianach (ITM) ceadú a thabhairt don tairgeoir tráth nach déanaí ná 1.1.2023 (an dáta ar a dtagann an conradh i bhfeidhm).— ní mór don chonraitheoir creidiúnú a bheith faighte aige ón Aireacht Comhshaoil, Aeráide agus Forbartha Inbhuanaithe i gcomhréir leis an Dlí an 21.4.1993 maidir le creidiúnú daoine nádúrtha nó dlítheanacha, príobháideach nó poiblí, seachas an Stát, do ghnóthú staidéir theicniúil agus tascanna fíorúcháin i réimse an chomhshaoil (réimsí A, C). I gcás tairgeoirí atá cláraithe i dtír éigin eile den AE, is féidir creidiúnú coibhéiseach arna eisiúint sa tír ina mbíonn an tairgeoir cláraithe, a thaisceadh le linn an phróisis tairisceana. Is amhlaidh sa chás sin nach foláir don Aireacht Comhshaoil, Aeráide agus Forbartha Inbhuanaithe ceadú a thabhairt don tairgeoir tráth nach déanaí ná 1.1.2023 (an dáta ar a dtagann an conradh i bhfeidhm).
Technical and professional ability - Minimum level(s) of standards possibly required
Garspriocanna
Dáta foilsithe TED
13/06/2022 00:00
Spriocdháta le haghaidh Ceisteanna
N/A
Spriocdháta le haghaidh Freagraí
N/A
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí
12/09/2022 16:00
Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt (dáta)
13/09/2022 10:00
Bearta
Níl aon bheart sa Ghlao ar Thairiscintí.
Fógraí