Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Conradh creatlaí maidir le seirbhísí faisnéise agus cumarsáide i réimse an chomh...
Údarás Conarthachta:
European Commission, DG ENV+CLIMA
Dáta foilsithe TED:
30/01/2013
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
13/03/2013
Stádas:
Dúnta
Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil
Faisnéis
ENV.F.3/FRA/2013/0001.
Conradh creatlaí maidir le seirbhísí faisnéise agus cumarsáide i réimse an chomhshaoil (5 bheart).
Meastar cumarsáid sheachtrach in Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil mar chuid ríthábhachtach den oibríocht fhoriomlán — ag tacú le coincheapadh agus feidhmiú beartais. Dá bhrí sin, i ndlúthchomhar le haonaid an bheartais theicniúil, eagraíonn an tAonad Cumarsáide agus Foireann na bhFoilseachán gníomhaíochtaí go rialta agus an aidhm acu:— tuiscint, tacaíocht agus glacadh i leith ár beartas a fhorbairt,— eolas níos fairsinge a thabhairt ar ghníomhaíochtaí AS an Chomhshaoil, agus próifíl an Choimisiúin a ardú mar phríomhghníomhaí i ngnóthaí an chomhshaoil ar an leibhéal idirnáisiúnta,— sochaí atá éifeachtach ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn trí fheasacht a spreagadh faoi shaincheisteanna an chomhshaoil i measc an phobail i gcoitinne agus saoránaigh a spreagadh gníomhaíochtaí dearfacha a fheidhmiú,— páirtithe leasmhara agus treoraithe tuairimí a spreagadh bearta atá neamhdhíobhálacha don chomhshaoil a ghlacadh agus a chur chun cinn ina réimse gníomhaíochta, eadhon trí mhalartú dea-chleachtas a éascú agus iarrachtaí leanúnacha a aithint.Is é cuspóir an chonartha le cinntiú go bhfuil na huirlisí ag AS an Chomhshaoil d'fhonn seirbhísí seachtracha a aimsiú atá riachtanach chun a gníomhaíochtaí cumarsáide seachtraí a fheidhmiú ar bhonn éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach. Tá na seirbhísí ata clúdaithe ag an tairiscint grúpáilte ina 5 bheart a chomhfhreagraíonn d'earnálacha gairmiúla faoi leith:— beart 1. Eagrú, ábhair agus seirbhísí maidir le himeachtaí agus taispeántais',— beart 2 'Seirbhísí foilsitheoireachta páipéir agus leictreonaí, dearadh feidhmchlár, scríbhneoireacht, dearadh grafach, aistriúcháin agus obair eagarthóireachta',— beart 3 'Measúnú ar ghníomhaíochtaí agus táirgí cumarsáide',— beart 4. 'Airteagail chur chun cinn agus pacaí do rannpháirtithe',— beart 5 'Táirgeadh closamhairc agus tacaíocht do léiriúcháin teilifíse, raidió agus Gréasáin.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
30/01/2013 00:00
Neamhbhainteach
13/03/2013 16:00
27/03/2013 10:30
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1 Eagrú, ábhair agus seirbhísí le haghaidh imeachtaí agus taispeántais Clúdaítear eagrú 'A go Z' ar imeachtaí agus taispeántais leis an mbeart sin, lena n-áirítear:— an céim choincheapúil (m.sh. idéanna cruthaitheacha a thionscnamh le haghaidh imeachtaí, cláir a mholadh, moltaí a fhorbairt do sheastáin, srl),— tacaíocht lóistíochta roimh an imeacht/i rith an imeachta/tar éis an imeachta (m.sh. ionad a aimsiú agus a fhruiliú; an troscán riachtanach agus trealamh teicniúil uile a sholáthar; seastáin a tháirgeadh, a thógáil agus a dhíchóimeáil; ábhair agus seirbhísí cur chun cinn a sholáthar; srl),— tacaíocht bainistíochta tionscadail roimh an imeacht/i rith an imeachta/tar éis an imeachta (amhail déileáil le liosta aíonna, clárúcháin, cainteoirí a bhainistiú, an t-imeacht a chur chun cinn do pháirtithe leasmhara a bhfuil spéis acu ann agus do na meáin, fochonraitheoirí ábhartha a shainaithint agus comhordú a dhéanamh leo, an deasc fáiltithe a fhoirniú, nótaí a ghlacadh agus miontuairiscí comhdhála a dhréachtú, srl),— measúnú tar éis an imeachta (m.sh. suirbhé ar shástacht rannpháirtíochta, tuarascáil ar rannpháirtíocht, srl).
Beart 2 Seirbhísí foilsitheoireachta páipéir agus leictreonaí, dearadh feidhmchlár, scríbhneoireacht, dearadh grafach, aistriúcháin agus obair eagarthóireachta Clúdaítear seirbhísí leis an mbeart seo a bhaineann le:— tacaíocht eagarthóireachta,— aistriúcháin,— dearadh grafach,— leagan amach,— ríomhfhoilseacháin a fhorbairt,— feidhmchláir a fhorbairt.
Beart 3 Measúnú ar ghníomhaíochtaí agus táirgí cumarsáide Clúdaítear seirbhísí leis an mbeart seo a bhaineann le measúnú ar na gníomhaíochtaí nó uirlisí cumarsáide d'fhonn éifeachtacht agus éifeachtúlacht ghníomhaíochtaí cumarsáide seachtraí AS an Chomhshaoil a fheabhsú lena n-áirítear:— cuspóirí agus táscairí a shainiú,— modheolaíocht oiriúnach a shainiú,— forfheidhmiú,— tuarascálacha a dhréachtú ina bhfuil tátail, 'ceachtanna a foghlaimíodh', moltaí a dhéanamh.
Beart 4 Airteagail chur chun cinn agus pacaí do rannpháirtithe Baineann na seirbhísí atá clúdaithe ag an mbeart seo le:— airteagail chur chun cinn shaincheaptha a tháirgeadh agus a sheachadadh,— pacaí do rannpháirtithe/málaí do thoscairí a sholáthar, a chóimeáil agus a sheachadadh.
Beart 5 Táirgeadh closamhairc agus tacaíocht do léiriúcháin teilifíse, raidió agus Gréasáin Baineann na seirbhísí atá clúdaithe ag an mbeart seo le:— straitéis cumarsáide closamhairc agus anailís ar an margadh,— ábhar closamhairc a tháirgeadh le húsáid i gcainéil thraidisiúnta agus nua na meán (amhail tuarascálacha, cláir faisnéise, físeáin, VNRanna, fógraíocht teilifíse, scannáin bheo, gearrthóga agus ábhar closamhairc eile le scaipeadh ar theilifís, DVD nó le cur ar láithreáin ghréasáin ag an gCoimisiún nó in áiteanna eile),— táirgí closamhairc a mhargú agus a scaipeadh,— monatóireacht ar iarmhairtí agus iad a thuairisciú,— imeachtaí a clúdach.
Fógraí
Tagairt Notice type Dáta Foilsithe
2013/S 021-031908 Fógra Conartha 30/01/2013 00:00
Cúnamh