Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Seirbhísí a bhaineann le cumas tairisceana chun cúrsaí oiliúna a phleanáil, a dh...
Údarás Conarthachta:
European Commission, DG for European Civil Protection and Humanitarian Aid Opera...
Dáta foilsithe TED:
26/07/2016
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
25/08/2016
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
ECHO/A2/SER/2016/13.
Seirbhísí a bhaineann le cumas tairisceana chun cúrsaí oiliúna a phleanáil, a dhéanamh agus a mheasúnú i gcomhpháirtíocht le OCHA, WHO, WFP agus IOM (4 bheart).
Is é cuspóir an chonartha cúrsaí oiliúna a phleanáil, a eagrú agus a thacú do phearsanra atá gníomhach sa réimse maidir le freagairt idirnáisiúnta i gcás tubaistí, arna cheapadh ag Stáit rannpháirteacha na Meicníochta. Is é príomhchuspóir an chonartha na sineirgí idir na gníomhaithe éagsúla um chosaint shibhialta sna Stáit rannpháirteacha a fhorbairt, d'fhonn leanúint ar aghaidh le héagsúlacht agus le saibhreas an chláir oiliúna um chosaint shibhialta a áirithiú.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
26/07/2016 00:00
25/08/2016 23:59
01/09/2016 10:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
Oiliúint do chill comhordaithe foireann leighis éigeandála (EMTCC) leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO)
Déanfaidh an conraitheoir 2 oiliúint EMTCC ar an iomlán a phleanáil, a eagrú agus a thacú, 1 chúrsa in 2017 agus 1 chúrsa in 2019. Beidh toilleadh 24 rannpháirtithe ar gach cúrsa agus mairfidh siad 5 lá cúrsa iomlána an ceann (gan am taistil san áireamh). Déanfaidh WHO bailchríoch a chur ar an gcoincheap foriomlán, ar na curaclaim, ar sceidil chúrsa agus ar theimpléid ceachtanna le haghaidh na gcúrsaí. Ní bheidh dualgas ar bith ag an gconraitheoir i leith na míre sin. Ní mór don chuibhreannas dlúthchomhar a áirithiú ionas go mbeidh WHO ábalta bailchríoch a chur ar an bpleanáil in am cuí.
Beart 2
Cúrsa measúnaithe agus comhordaithe tubaiste na Náisiún Aontaithe (UNDAC) agus cúrsa oiliúna do cheannairí foirne UNDAC le hOifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA)
Déanfaidh an conraitheoir 2 chúrsa UNDAC san iomlán a phleanáil, a eagrú agus a thacú, 1 chúrsa ionduchtúcháin UNDAC in 2016 agus 1 chúrsa do cheannairí foirne UNDAC in 2018. Beidh toilleadh 32 rannpháirithe ar chúrsa ionduchtúcháin UNDAC agus mairfidh se 11,5 lá cúrsa (gan am taistil san áireamh). Beidh toilleadh 24 rannpháirithe ar an gcúrsa oiliúna do cheannairí foirne UNDAC agus mairfidh sé 6 lá cúrsa (gan am taistil san áireamh). Déanfaidh OCHA bailchríoch a chur ar an gcoincheap foriomlán, ar na curaclaim, ar sceidil chúrsa agus ar theimpléid ceachtanna le haghaidh na gcúrsaí. Ní bheidh dualgas ar bith ag an gconraitheoir i leith na míre sin. Ní mór don chuibhreannas dlúthchomhar a áirithiú ionas go mbeidh OCHA ábalta bailchríoch a chur ar an bpleanáil in am cuí.
Beart 3
Cúrsa maidir le bainistíochta campaí agus comhordú campaí (CCCM) leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) mar aon le hoiliúint chomshaoil agus éigeandálacha (EET) le OCHA
Déanfaidh an conraitheoir 2 chúrsa maidir le bainistíocht campaí agus comhordú campaí a phleanáil, a eagrú agus a thacú, 1 in 2018 agus 1 in 2020 mar aon le 4 oiliúintí comhshaoil agus éigeandálacha, ina dhiaidh sin in 2017, 2018, 2019 agus 2020. Beidh toilleadh 24 rannpháirtithe i gceist le gach ceann acu agus mairfidh siad ar feadh 5 lá cúrsa iomlána (gan am taistil san áireamh). Déanfaidh an t-aonán atá freagrach (IOM nó OCHA) bailchríoch a chur ar an gcoincheap foriomlán cúrsa, ar na curaclaim, ar sceidil chúrsa agus ar theimpléid ceachtanna le haghaidh na gcúrsaí. Ní bheidh dualgas ar bith ag an gconraitheoir i leith na míre sin. Ní mór don chuibhreannas dlúthchomhar a áirithiú ionas go mbeidh na haonáin thuas luaite ábalta bailchríoch a chur ar an bpleanáil in am cuí.
Beart 4
Oiliúint le haghaidh foireann freagartha lóistíochtaí (LRT) leis an gClár Domhanda Bia (WFP)
Déanfaidh an conraitheoir 2 oiliúint le haghaidh foireann freagartha lóistíochtaí ar an iomlán a phleanáil, a eagrú agus a thacú, 1 chúrsa in 2017 agus 1 chúrsa in 2019. Beidh toilleadh 24 rannpháirtithe ar gach cúrsa agus mairfidh siad 6 lá cúrsa iomlána an ceann (gan am taistil san áireamh). Déanfaidh WFP bailchríoch a chur ar an gcoincheap foriomlán, ar na curaclaim, ar sceidil chúrsa agus ar theimpléid ceachtanna le haghaidh na gcúrsaí. Ní bheidh dualgas ar bith ag an gconraitheoir i leith na míre sin. Ní mór don chuibhreannas dlúthchomhar a áirithiú ionas go mbeidh WFP ábalta bailchríoch a chur ar an bpleanáil.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2016/S 142-256231
Fógra Conartha
26/07/2016 00:00
Cúnamh