Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Tionscadal chun Foirgneamh Konrad Adenauer a shíneadh in Lucsamburg - Tascanna m...
Údarás Conarthachta:
European Parliament, DG Infrastructure and Logistics (INLO)
Dáta foilsithe TED:
13/06/2017
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
31/07/2017
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
INLO-D-UPIL- S – 16 – MOE.
Tionscadal chun Foirgneamh Konrad Adenauer a shíneadh in Lucsamburg - Tascanna maidir le bainistíocht tionscadail chun na hoibreacha a mhonatóiriú.
Roinntear an conradh ina 2 bheart: M agus N. Déanfar an conradh ar fad a chur i gcrích trí idirghníomhaíocht na dtairgeoirí rathúla don 2 bheart sin agus le haghaidh bhaill eile na bainistíochta tionscadail forleathnaithe, faoi chomhordú agus bhainistiú an chomhordaitheora phíolótaigh. Is féidir le tairgeoirí tairiscint a chur isteach ar 1 bheart amháin nó ar an 2 bheart. Is neamhspléach óna chéile iad na bearta agus dámhfar iad ar bhonn leithleach. Coimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart 1 bheart amháin a dhámhachtain nó gan aon cheann de na bearta a dhámhachtain.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
13/06/2017 00:00
31/07/2017 23:59
07/08/2017 14:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart M
Gnólacht comhairleachta ailtireachta
Déanfaidh an gnólacht comhairliúcháin ailtireachta, faoi bhainistíocht agus faoi chomhordú de bheart A, cáilíocht an struchtúir maidir le disciplíní ailtireachta agus monatóireacht ealaíne a áirithiú. Áiritheofar leis sin dearadh foirgnimh a chomhlíonann riachtanais na bpleananna, sonraíochtaí chuireadh chun tairisceana na n-oibreacha, mar aon leis na caighdeáin ghairmiúla agus an fheidhmíocht ghairmiúil lena bhfuiltear ag súil. Tríd an aon comhordaithe a eagrú agus a bhainistiú (le bearta C agus N), déanfaidh an gnólacht comhordú teicniúil na n-oibreacha a chur i gcrích agus déanfaidh sé roinnt na seirbhísí a shainiú idir na cuideachtaí oibreacha. I gcás na bearta tógála a ndéanann sé comhordú teicniúil dóibh, tabharfaidh sé fosta faoi thasc rialtóir na gcostas agus é mar phríomhaidhm na cainníochtaí arna gcur chun feidhme don láithreán thiar a bhainistiú agus a mhonatóiriú anuas ar na costais tógála lena mbaineann.
Beart N
Gnólacht comhairleachta innealtóireachta teicniúla
Déanfaidh an gnólacht innealtóireachta teicniúla, faoi mhaoirseacht agus faoi chomhordú de bheart A, cáilíocht an struchtúir maidir le disciplíní innealtóireachta teicniúla a áirithiú. Áiritheofar leis sin dearadh foirgnimh a chomhlíonann riachtanais na bpleananna, sonraíochtaí chuireadh chun tairisceana na n-oibreacha, mar aon leis na caighdeáin ghairmiúla agus an fheidhmíocht ghairmiúil lena bhfuiltear ag súil. I gcás na bearta tógála a ndéanann sé comhordú teicniúil dóibh, tabharfaidh sé fosta faoi thasc rialtóir na gcostas agus é mar phríomhaidhm na cainníochtaí arna gcur chun feidhme don láithreán thiar a bhainistiú agus a mhonatóiriú anuas ar na costais tógála lena mbaineann.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2017/S 111-222632
Fógra Conartha
13/06/2017 00:00
Cúnamh