Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Foireann shainiúil a chur ar fáil (chun dualgais fáiltithe, treoraithe agus rúna...
Údarás Conarthachta:
European Parliament, DG Communication (COMM)
Dáta foilsithe TED:
29/03/2017
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
03/05/2017
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
COMM/DG/AWD/2017/170.
Foireann shainiúil a chur ar fáil (chun dualgais fáiltithe, treoraithe agus rúnaíochta a fheidhmiú) do Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.
Tá an cuireadh seo chun tairisceana á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, le haghaidh foireann shainiúil a chur ar fáil (chun dualgais fáiltithe, treoraithe agus rúnaíochta a fheidhmiú) d'fhonn cuairteoirí aonair nó grúpaí díobh a bhainistiú, a fháiltiú agus a thionlacan i bhfoirgnimh éagsúla Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
29/03/2017 00:00
Neamhbhainteach
Neamhbhainteach
03/05/2017 12:00
10/05/2017 10:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1 Foireann fáiltithe agus seirbhísí rúnaíochta a chur ar fáil don ''Parlamentarium' in Strasbourg Ba mhaith le Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí foireann fáiltithe a chur ar fáil d'fhonn líon méadaitheach na n-iarratas um chuairteanna a bhainistiú. Beidh 2 bhall foirne buan i gceist leis sin, mar aon le suas le 5 ball foirne fáiltithe ag brath ar sceideal na gcuairteoirí cláraithe, i dteannta le 1 rúnaí a bheidh freagrach go háirithe as sceideal na gcuairteanna a bhainistiú. Glaoitear ar an gconraitheoir foireann fáiltithe a chur ar fáil d'Oifig Faisnéise Pharlaimint na hEorpa chun grúpaí cuairteoirí arna gclárú roimh ré a bhainistiú agus faisnéis a chur ar fáil dóibh ar feadh camchuairt shocraithe, go háirithe ag láithreán 'Parlamentarium' in Strasbourg.
Beart 2 Foireann fáiltithe/treoraí mar aon le seirbhísí rúnaí a chur ar fáil do 'Clár Cuairteoirí an Aontais Eorpaigh' agus do chláir cuairte 'Cuairteanna agus Seimineáir' ag Parlaimint na hEorpa in Strasbourg Cuimsíonn beart 2 na riachtanais ó thaobh sheirbhísí na foirne fáiltithe, na rúnaithe agus na dtreoraithe de mar chuid den 2 chlár cuairteanna thíos: 1. 'Clár Cuairteoirí an Aontais Eorpaigh' (EUVP); 2. 'Cuairteanna agus Seimineáir' Pharlaimint na hEorpa (VISSEM). Ó mhí Eanáir 2018, glaofar ar an gconraitheoir foireann fáiltithe, rúnaithe agus treoraithe a chur ar fáil d'aonaid EUVP agus VISSEM Pharlaimint na hEorpa chun grúpaí a bhainistiú agus iad i mbun cuairte le linn sheachtainí na seisiún parlaiminteach in Strasbourg. I gcás EUVP, déanfaidh an conraitheoir treoraithe/foireann fáiltithe a chur ar fáil chun cláir cuairte agus staidéir aonair éagsúla oifigeach ardleibhéil ó lasmuigh den AE a bhainistiú, iad a threorú ag an iliomad cruinnithe dá gcuid, agus a thaispeáint agus a mhíniú dóibh an dóigh ar cheart rochtain a fháil ar na seirbhísí éagsúla agus iad a úsáid. I gcás VISSEM, beidh ar an gconraitheoir foireann fáiltithe a chur ar fáil chun cuairteoirí aonair agus rannpháirtithe i ngrúpaí cuairteoirí de chuid VISSEM a thionlacan i bhFoirgneamh Louise Weiss (LOW) Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg. Beidh ar an bhfoireann líon mór grúpaí (suas le 80 le linn seisiúin an-ghnóthacha) a bhainistiú.
Fógraí
Tagairt Notice type Dáta Foilsithe
2017/S 062-115369 Fógra Conartha 29/03/2017 00:00
Cúnamh