Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
An tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Údarás Conarthachta:
European Court of Auditors (ECA)
Dáta foilsithe TED:
21/03/2017
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
25/11/2017
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
CPN 597.
An tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Is é an aidhm 2 chonradh creatlaí a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas: — beart 1: an tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, — beart 2: seiceálacha cainníochta agus cáilíochta a dhéanamh ar sheirbhísí lónadóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Seirbhísí
Nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
21/03/2017 00:00
Neamhbhainteach
Neamhbhainteach
25/11/2017 23:59
18/04/2017 23:59
Neamhbhainteach
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1 An tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Ba cheart go gclúdófaí na seirbhísí a leanas le réachtáil na seirbhíse lónadóireachta: 1) bialann na foirne a reáchtáil: tá bialann na foirne suite ag 12, rue Alcide de Gasperi, L-1615 Lucsamburg, ar bhunurlár Fhoirgneamh K3. Tá líon suíochán sa bhialann do thimpeall ar 400 daoine agus tá cistin lánfheistithe aici san íoslach; 2) an 2 chaifitéire a reáchtáil (K2 agus K3) agus mearsheirbhís á tairiscint: tá timpeall ar 68 suíochán agus 80 suíochán faoi seach sna caifitéirí i bhFoirgnimh K2 agus K3. Tá oifig in aice leis an gcaifitéire i bhFoirgneamh K3. Is caifitéirí féinseirbhíse an 2 chaifitéire; 3) seomra bia feidhmiúcháin modúlach a reáchtáil (lónta, dinnéir, fáiltithe) atá suite ar 6ú hurlár Fhoirgneamh K3. Is féidir an seomra bia sin a scaradh agus lónadóireacht a dhéanamh do 3 lón agus 1 chóisir manglam ar a mhéad ar bhonn comhuaineach, .i. 170 daoine (ina seasamh) ag freastal ar chóisir manglam nó ar bhuifé agus 120 daoine le haghaidh lóin nó dinnéir. Tá cistin lánfheistithe ag an seomra bia feidhmiúcháin san Fhoirgneamh K3; 4) na seirbhísí gaolmhara a leanas a sholáthar, nach bhfuil aon tairbhe eisiachais don chonraitheoir ina leith: i. sos caife, agus caife a riar i seomraí cruinnithe agus i gcúinní caife; ii. meaisíní caife agus fuaraitheoirí usice a léasú agus a chothabháil, deochanna a sheachadadh chuid oifigí na bhfeisirí, tomhaltáin ghaolmhara a sheachadadh agus a shuiteáil amhail buidéil athlíonta; iii. uathdhíoltóirí (dáileoirí deochanna, sneaiceanna, ceapairí, srl); iv, cúnamh don Chúirt trí fhoireann seirbhíse a sholáthar (chefs de rang, miasniteoirí agus chef) le haghaidh fáiltithe arna n-eagrú ag an gCúirt. Is ionann an conradh le haghaidh bheart 1 agus conradh measctha faoina gcuireann an Chúirt bainistíocht ar sheirbhísí éagsúla ar iontaoibh an chonraitheora mar lamháltas ('cuid an lamháltais' maidir leis na seirbhísí faoi 1, 2 agus 4, pointe (iii)). Leagtar síos na coinníollacha sa chonradh freisin le haghaidh conarthaí sainiúla d'fhonn seirbhísí lónadóireachta a sholáthar ar féidir leis an gCúirt iad a leithdháileadh don chonraitheoir, trí mheán orduithe ceannaigh, le haghaidh thréimhse an chonartha ('cuid de chonradh seirbhíse creatlaí'', seirbhísí faoi 3 agus 4, pointí (i), (ii) agus (iv)).
Beart 2 Seiceálacha cainníochta agus cáilíochta a dhéanamh ar sheirbhísí lónadóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa Tá an Chúirt ar lorg soláthraí seirbhíse chun cuidiú léi ina sannachán chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht shásúil an chonartha lónadóireachta (beart 1). Tagraíonn 'an tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil' do reáchtáil maidir le bialann na foirne, 2 chaifitéire (K2 agus K3) agus mearsheirbhís á tairiscint, seomra bia feidhmiúcháin (lónta, dinnéir, fáiltithe) le haghaidh lónadóireacht fhoirmiúil agus imeachtaí.
Fógraí
Tagairt Notice type Dáta Foilsithe
2017/S 065-121760 Ceartúchán 01/04/2017 00:00
2017/S 056-103030 Fógra Conartha 21/03/2017 00:00
Cúnamh