Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí
Faisnéis
Uimhir thagartha na tairisceana
CPN 597.
Teideal
An tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Tuairisc
Is é an aidhm 2 chonradh creatlaí a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas: — beart 1: an tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, — beart 2: seiceálacha cainníochta agus cáilíochta a dhéanamh ar sheirbhísí lónadóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Cineál an Chonartha
Seirbhísí
Cineál an Nós Imeachta
Nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht
Stádas
Dúnta
Foilsithe ar TED
Garspriocanna
Dáta foilsithe TED
21/03/2017 00:00
Spriocdháta le haghaidh Ceisteanna
N/A
Spriocdháta le haghaidh Freagraí
N/A
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí
25/11/2017 23:59
Dáta deiridh le hiarratais ar bheith rannpháirteach
18/04/2017 23:59
Bearta
Uimhir an Bhirt
Teideal
Tuairisc
Beart 1
An tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Ba cheart go gclúdófaí na seirbhísí a leanas le réachtáil na seirbhíse lónadóireachta: 1) bialann na foirne a reáchtáil: tá bialann na foirne suite ag 12, rue Alcide de Gasperi, L-1615 Lucsamburg, ar bhunurlár Fhoirgneamh K3. Tá líon suíochán sa bhialann do thimpeall ar 400 daoine agus tá cistin lánfheistithe aici san íoslach; 2) an 2 chaifitéire a reáchtáil (K2 agus K3) agus mearsheirbhís á tairiscint: tá timpeall ar 68 suíochán agus 80 suíochán faoi seach sna caifitéirí i bhFoirgnimh K2 agus K3. Tá oifig in aice leis an gcaifitéire i bhFoirgneamh K3. Is caifitéirí féinseirbhíse an 2 chaifitéire; 3) seomra bia feidhmiúcháin modúlach a reáchtáil (lónta, dinnéir, fáiltithe) atá suite ar 6ú hurlár Fhoirgneamh K3. Is féidir an seomra bia sin a scaradh agus lónadóireacht a dhéanamh do 3 lón agus 1 chóisir manglam ar a mhéad ar bhonn comhuaineach, .i. 170 daoine (ina seasamh) ag freastal ar chóisir manglam nó ar bhuifé agus 120 daoine le haghaidh lóin nó dinnéir. Tá cistin lánfheistithe ag an seomra bia feidhmiúcháin san Fhoirgneamh K3; 4) na seirbhísí gaolmhara a leanas a sholáthar, nach bhfuil aon tairbhe eisiachais don chonraitheoir ina leith: i. sos caife, agus caife a riar i seomraí cruinnithe agus i gcúinní caife; ii. meaisíní caife agus fuaraitheoirí usice a léasú agus a chothabháil, deochanna a sheachadadh chuid oifigí na bhfeisirí, tomhaltáin ghaolmhara a sheachadadh agus a shuiteáil amhail buidéil athlíonta; iii. uathdhíoltóirí (dáileoirí deochanna, sneaiceanna, ceapairí, srl); iv, cúnamh don Chúirt trí fhoireann seirbhíse a sholáthar (chefs de rang, miasniteoirí agus chef) le haghaidh fáiltithe arna n-eagrú ag an gCúirt. Is ionann an conradh le haghaidh bheart 1 agus conradh measctha faoina gcuireann an Chúirt bainistíocht ar sheirbhísí éagsúla ar iontaoibh an chonraitheora mar lamháltas ('cuid an lamháltais' maidir leis na seirbhísí faoi 1, 2 agus 4, pointe (iii)). Leagtar síos na coinníollacha sa chonradh freisin le haghaidh conarthaí sainiúla d'fhonn seirbhísí lónadóireachta a sholáthar ar féidir leis an gCúirt iad a leithdháileadh don chonraitheoir, trí mheán orduithe ceannaigh, le haghaidh thréimhse an chonartha ('cuid de chonradh seirbhíse creatlaí'', seirbhísí faoi 3 agus 4, pointí (i), (ii) agus (iv)).
Beart 2
Seiceálacha cainníochta agus cáilíochta a dhéanamh ar sheirbhísí lónadóireachta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa
Tá an Chúirt ar lorg soláthraí seirbhíse chun cuidiú léi ina sannachán chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht shásúil an chonartha lónadóireachta (beart 1). Tagraíonn 'an tseirbhís lónadóireachta a reáchtáil' do reáchtáil maidir le bialann na foirne, 2 chaifitéire (K2 agus K3) agus mearsheirbhís á tairiscint, seomra bia feidhmiúcháin (lónta, dinnéir, fáiltithe) le haghaidh lónadóireacht fhoirmiúil agus imeachtaí.
Fógraí