Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Seirbhísí míochaine.
Údarás Conarthachta:
European Securities and Markets Authority (ESMA)
Dáta foilsithe TED:
22/03/2017
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
17/05/2017
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
PROC/2017/01.
Seirbhísí míochaine.
Tá ESMA, ISS agus GSA ag iarraidh conradh creatlaí a dhéanamh agus an aidhm ann seirbhísí lárionaid míochaine agus dochtúra míochaine saothair a bhunú. Soláthróidh an lárionad míochaine na seirbhísí míochaine riachtanacha maidir le hearcaíocht agus scrúduithe míochaine coiscthí bliantúla a dhéanamh ar an bhfoireann. Soláthróidh an dochtúir míochaine saothair na seirbhísí míochaine riachtanacha chun na riachtanais infheidhme a chomhlíonadh maidir le monatóireacht ar shláinte na foirne. Ta na seirbhísí uile sin faoi réir ag Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus rialacha infheidhme eile an Aontais Eorpaigh.
Seirbhísí
Nós imeachta iomaíoch lena ngabhann idirbheartaíocht
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
22/03/2017 00:00
17/05/2017 16:00
17/05/2017 16:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
Lárionad diagnóise míochaine le haghaidh na dtástálacha agus na n-anailísí riachtanacha maidir le hearcaíocht agus scrúduithe míochaine coiscthí bliantúla a dhéanamh ar an bhfoireann
Is liosta táscach é an liosta de thascanna a leanas nach bhfuil uileghabhálach. Faoin mbeart seo, féadfaidh an lárionad míochaine glacadh le bainistíocht na nithe a leanas: — scrúduithe míochaine réamhfhostaíochta, — scrúduithe míochaine coiscthí bliantúla.
Beart 2
Dochtúir míochaine saothair a sholáthar
Is liosta táscach é an liosta de thascanna a leanas nach bhfuil uileghabhálach. Faoin mbeart seo, féadfaidh an dochtúir míochaine saothair glacadh leis na nithe a leanas: — deimhnithe folláine a eisiúint maidir le scrúduithe míochaine réamhfhostaíochta, — scrúduithe míochaine coiscthí bliantúla a dhéanamh, — sláinte agus sábháilteacht ag an obair a mheasúnú, — na riachtanais shainiúla agus gátair a chomhlíonadh a bhaineann le vacsaínithe, — páirt a ghlacadh in aon choistí míchumais, — comhairle a sholáthar maidir le neamhláithreachtaí míochaine agus na neamhláithreachtaí sin a fhíorú.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2017/S 057-105057
Fógra Conartha
22/03/2017 00:00
Cúnamh