Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Cleachtaí maidir le modúil um chosaint shibhialta, foirne cúnaimh theicniúil agu...
Údarás Conarthachta:
European Commission, DG for European Civil Protection and Humanitarian Aid Opera...
Dáta foilsithe TED:
07/07/2017
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
21/09/2017
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
ECHO/A2/SER/2017/04.
Cleachtaí maidir le modúil um chosaint shibhialta, foirne cúnaimh theicniúil agus tacaíochta teicniúla agus foirne an Aontais Eorpaigh um chosaint shibhialta (4 bheart).
Is é an cuspóir foriomlán an t-eolas agus taithí a fuarthas i rannpháirtíocht i gclár cúrsa oiliúna na meicníochta agus ag áit eile a chleachtadh agus a thástáil trí chleachtaí barr tábla agus allamuigh dírithe ar an rannpháirtí a dhéanamh ar chaighdeán an-ard, trí roinnt cásanna nuálaíocha, ach iad a bheith réalaíoch fosta, a fhorbairt maidir le babhtaí éagsúla imscartha idirnáisiúnta atá oiriúnach le haghaidh timpeallacht shlán a chleachtadh, ag tabhairt faoi dheimhniú agus/nó faoi athrangú ar mhodúil chláraithe um chosaint shibhialta/TAST, cumais eile na linne deonaí, cumais eile arna gclárú in CECIS agus saineolaithe meicníochta — EUCPT. Ba cheart measúnuithe riosca náisiúnta, treochtaí tubaistí le déanaí, gníomhachtuithe roimhe seo na meicníochta, ceachtanna arna bhfoghlaim ó ghníomhachtuithe roimhe seo na meicníochta agus ó thimthriallta cleachtaidh roimhe seo, a thabhairt san áireamh agus cásanna cleachtaí á bhforbairt ar cheart dóibh a bheith i gcomhthéacs na tíre áirithe ina ndéanfar an cleachtadh.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
07/07/2017 00:00
21/09/2017 23:59
28/09/2017 10:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
5 chleachtadh barr tábla a dhearadh, a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú do phríomhphearsanra na modúl um chosaint shibhialta, d'fhoirne cúnaimh theicniúil agus tacaíochta teicniúla (TASTanna) agus do...
Déanfaidh an conraitheoir 5 chleachtadh barr tábla a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú. Ní foláir nó go mbeidh cumas 27 rannpháirtithe ar a laghad i gceist le gach cleachtadh (lena gcuimseofar 20 príomhphearsanra na modúl, 2 phríomhphearsanra TAST nó a bhí oilte ó thaobh TAST de ar a laghad mar aon le 4 saineolaithe atá oilte i meicníocht an Aontais i dteannta le oifigeach idirchaidrimh ERCC chun mol comhordúcháin ar an láthair a bhunú mar chuid den chleachtadh) agus rannpháirtíocht iomlán ó 3 mhodúl fhíorúla i ngach cleachtadh. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh na cásanna go léir seachas na cinn arna ndearadh laistigh den Eoraip, foráil do rannpháirtíocht de bhall UNDAC oilte, (atá oilte i dtaobh na meicníochta fosta de rogha) a bheadh ag rannpháirtiú agus ag obair i ndlúthchomhar leis an EUCPT. Tá sé beartaithe fosta go bhféadfaí cuireadh a thabhairt do 12 phríomhphearsanra ar a mhéad ó thríú tíortha le linn shaol an chonartha seo (an Albáin, an Bhoisnia agus Heirseagaivéin agus an Chosaiv) rannpháirtiú sna cleachtaí.
Beart 2
3 chleachtadh allamuigh a dhearadh, a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú le haghaidh HCP, WP, CBRN a bhrath agus a shampláil, le haghaidh modúil lena mbaineann tarrtháil a dhéanamh i gcás tuilte trí bháid a...
Déanfaidh an conraitheoir 3 chleachtadh allamuigh a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú. Beidh cumas rannpháirtíocht 5 mhodúl um chosaint shibhialta ó stáit rannpháirteacha éagsúla i gceist le 1 chleachtadh, beidh cumas 4 mhodúl um chosaint shibhialta ó stáit rannpháirteacha éagsúla i gceist le 2 chleachtadh, agus beidh rannpháirtíocht iomlán 3 mhodúl fhíorúla ar a laghad i gceist le gach cleachtadh, nó 4 chumas inchomparáide eile ar a laghad ón linn dheonach, lena mbaineann 4 nó 5 mhodúl nó cumais rannpháirteacha san iomlán anuas ar na modúil fhíorúla de réir mar atá leagtha amach thuas, agus i ngach cás déanfar EUCPT a ionsamhlú agus déanfaidh saineolaithe mheicníocht an AE an ról a chomhlíonadh. Tá sé beartaithe fosta go bhféadfaí cuireadh a thabhairt do mhodúil ilnáisiúnta lena n-áirítear tríú tíortha (an Albáin, an Bhoisnia agus Heirseagaivéin agus an Chosaiv) rannpháirtiú le linn shaol an chonartha seo, de réir na socruithe airgeadais céanna agus modúil rannpháirtithe na meicníochta.
Beart 3
5 chleachtadh allamuigh a dhearadh, a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú go príomha maidir le meánmhéid/trom USAR, CBRNUSAR agus 1 chleachtadh allamuigh le haghaidh AMPanna agus EMTanna.
Déanfaidh an conraitheoir 5 chleachtadh allamuigh a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú. Beidh cumas rannpháirtíocht 4 mhodúl um chosaint shibhialta ó stáit rannpháirteacha éagsúla i gceist le 3 chleachtadh agus beidh cumas 3 mhodúl um chosaint shibhialta ó stáit rannpháirteacha éagsúla i gceist le 2 chleachtadh, agus beidh rannpháirtíocht iomlán 3 mhodúl fhíorúla ar a laghad i gceist le gach cleachtadh mar aon le 3 chumas eile ar a laghad ón linn dheonach, lena mbainfidh 3 nó 4 mhodúl nó chumas rannpháirteacha san iomlán, anuas ar na modúil fhíorúla de réir mar atá leagtha amach thuas agus i ngach cás déanfar EUCPT a ionsamhlú agus déanfaidh saineolaithe mheicníocht an AE an ról a chomhlíonadh. Tá sé beartaithe fosta go bhféadfaí cuireadh a thabhairt do mhodúil tríú tíortha rannpháirtiú le linn shaol an chonartha seo, de réir na socruithe airgeadais céanna agus modúil rannpháirtithe na meicníochta.
Beart 4
2 chlár cleachtaidh allamuigh a dhearadh, a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú, lena mbainfidh clár athnuachana agus cleachtadh allamuigh le haghaidh gach ceann, go príomha do shaineolaithe EUCPT agus TAST.
Déanfaidh an conraitheoir 2 chlár cleachtaidh allamuigh a phleanáil, a reáchtáil agus a fhéinmheasúnú, lena n-áireofar clár athnuachana agus cleachtadh allamuigh i ngach clár cleachtaidh. Beidh cumas rannpháirtíocht 3 EUCPT agus 3 TAST ó stáit rannpháirteacha éagsúla i gceist le gach ceann de na cláir chleachtaidh, agus beidh rannpháirtíocht modúil fhíorúla i gceist le gach cleachtadh más cuí é don chás, anuas ar raon leathan freagróirí idirnáisiúnta go háirithe iadsan ón bpobal daonnúlaigh.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2017/S 128-260027
Fógra Conartha
07/07/2017 00:00
Cúnamh