Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Leictreonmhicreascóp scanacháin a sholáthar a bheidh le húsáid chun ábhar núiclé...
Údarás Conarthachta:
European Commission, Joint Research Centre (JRC)
Dáta foilsithe TED:
19/08/2017
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
22/09/2017
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
JRC/KRU/2017/G.III.8/0079/OC.
Leictreonmhicreascóp scanacháin a sholáthar a bheidh le húsáid chun ábhar núicléach a anailísiú.
Tá sé beartaithe ag JRC Karlsruhe leictreonmhicreascóp scanacháin a cheannach chun cúltacú leis na himscrúduithe reatha ar shábháilteacht ábhar agus breoslaí núicléacha. D'fhonn tréithriú éifeachtach a dhéanamh ar ábhair ilchineálacha amhail breosla núicléach ionradaithe, ó thaobh tréithe ceimiceacha, meicniúla, fisiceacha agus teirmeacha de, ní mór céimeanna sainiúla nó réigiúin arna gcruthú le linn ionradaíochta a thréithriú. Leis an gcoincheap um leictreonmhicreascóp scanacháin (SEM) atá beartaithe anseo, rannchuideofar le céimeanna nó réigiúin ina ndíol spéise a aithint le haghaidh tréithriú díreach. Ar an mbealach sin cuirfear feabhas ar an measúnú ar shábháilteacht comhdhúl éagsúil arna n-úsáid nó arna moladh le haghaidh feidhmithe mar bhreosla nó ábhar núicléach. Is iad na príomhábhair ar a ndéanfar staidéar breoslaí ionradaithe le haghaidh imoibreoirí núicléacha atá ann faoi láthair (UO2, MOX) agus a bheidh ann sa todhchaí, maitrísí éagsúla le haghaidh diúscairt dramhaíola ardleibhéil agus ábhair núicléacha struchtúracha. Déanfar anailís ar mhicreastruchtúr agus comhdhéanamh ábhar agus íomháú leis an SEM.
Soláthairtí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Praghas
Garspriocanna
19/08/2017 00:00
22/09/2017 23:59
26/09/2017 10:00
Bearta Níl aon bheart sa Ghlao ar Thairiscintí.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2017/S 158-326573
Fógra Conartha
19/08/2017 00:00
Cúnamh