Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Measúnuithe tionchair, meastóireachtaí, anailís straitéise agus fadbhreathnaithe...
Údarás Conarthachta:
European Commission, DG Research and Innovation (RTD)
Dáta foilsithe TED:
02/06/2018
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
07/09/2018
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
2018/RTD/A2/OP/PP-07001-2018
Measúnuithe tionchair, meastóireachtaí, anailís straitéise agus fadbhreathnaitheachta maidir le beartais agus cláir thaighde agus nuálaíochta. Beidh an creatchonradh roinnte ina 3 bheart
Is é cuspóir na gCreatchonarthaí seo a chinntiú go mbeadh an CA in ann na seirbhísí seachtracha riachtanacha a fháil d’fhonn a chláir agus a bheartais sna réimsí taighde agus nuálaíochta a phleanáil agus a chur chun feidhme go éifeachtach, go héifeachtúil agus go ciallmhar.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
02/06/2018 00:00
07/09/2018 00:00
14/09/2018 10:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
Fadbhreathnaitheacht ar Éileamh i mBeartas Taighde agus Nuálaíochta, sa Teicneolaíocht agus san Eolaíocht (FOD)
Eagróidh an CA meicníocht “Fadbhreathnaitheacht ar Éileamh” (FOD - Foresight-On-Demand) faoin mbeart seo mar fhreagra ar an éileamh maidir le hionchuir thapa ar cheapadh beartais, ar bhonn an eolais is fearr atá ar fáil maidir le fadbhreathnaitheacht. Dírítear le FOD ar sheirbhísí an Choimisiúin a thairiscint, le tacaíocht thráthúil agus éifeachtach a bhaineann le cúinsí géarchéime, rioscaí atá ag teacht chun cinn agus dúshláin maidir le beartais. Áireofar leis na seirbhísí FOD: — Scanadh agus sintéis ar litríocht fadbhreathnaitheachta agus foinsí sonraí, lena n-áirítear faire na fáistine, — Bailiú agus anailísiú gasta sonraí fadbhreathnaitheachta, — Forbairt chásanna, — Meascáin de na gníomhartha thuas.
Beart 2
Beart 2: Taiscéaladh, Doiciméadú agus Anailísiú a dhéanamh ar shaincheisteanna beartais taighde agus nuálaíochta (EDAR)
Is iad na tascanna a chuimsítear sa bheart seo fianaise a bhailiú agus a anailísiú, tuairiscí anailíseacha agus achoimrí beartais a tháirgeadh agus ceardlanna a ullmhú chun saincheisteanna a bhaineann le beartas taighde agus nuálaíochta a thaiscéaladh, agus leis an idirghníomhú a bhíonn aige le beartais eile. Is éard is aidhm leis tacú le forbairt bhreise ar bheartas taighde agus nuálaíochta san AE i dtreo Eolaíocht Oscailte, Nuálaíocht Oscailte agus Oscailteacht i leith an domhain.
Beart 3
Beart 3: Staidéar, measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar chláir agus ar bheartais taighde agus nuálaíochta (SARI)
Tá de rún ag an mbeart seo áis a sholáthar lenar féidir leis an gCoimisiún Eorpach seirbhísí a fháil, amhail staidéir anailíseacha, meastóireachtaí, seiceáil oiriúnachta agus measúnuithe tionchair maidir le cláir agus beartais sa réimse taighde agus nuálaíocht (R&I) agus na coinníollacha creata a bhaineann leo ar leibhéal náisiúnta agus AE chun tacú le ceapadh beartais R&I.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2018/S 129-293206
Ceartúchán
07/07/2018 00:00
2018/S 104-236703
Fógra Conartha
02/06/2018 00:00
Cúnamh