Beart 1 |
Inneachar fuaime agus físe a tháirgeadh sa Ghréigis — an Chipir
|
Déanfaidh an Ionadaíocht sa Chipir, nuair is gá coimisiúnú ar tháirgeadh inneachair fhuaime agus fhíse le cur ar an aer ar chainéil phríomhshrutha teilifíse, ar theilifís ghréasáin, ar na meáin shóisialta agus ag imeachtaí poiblí.
|
Beart 2 |
Inneachar sa Ghréigis a dhearadh agus a thairgeadh do na meáin chlóite agus ar líne — an Chipir
|
Déanfaidh an ionadaíocht sa Chipir, nuair is gá coimisiúnú ar tháirgeadh inneachair scríofa agus fhíse le cur sna meáin chlóite phríomhshrutha, in irisí speisialtachta, ar láithreáin ghréasáin, ar na meáin shóisialta agus le dáileadh ar an bpobal.
|
Beart 3 |
Dáileadh inneachair trí mheán an raidió, na teilifíse, na meán clóite agus ar ardáin bhunaithe ar an ngréasán sna limistéir arna rialú ag Rialtas Phoblacht na Cipire
|
Tá an Ionadaíocht sa Chipir ag iarraidh seirbhísí sainchomhairleoireachta na meán nó seirbhísí chomhlacht fógraíochta na meán a scaipfidh inneachar comhghaolmhar ar raidió, teilifís, meáin chlóite agus ar ardáin ghréasáin thar ceann Ionadaíocht AE sna limistéir arna rialú ag Rialtas Phoblacht na Cipire.
|
Beart 4 |
Inneachar fuaime agus físe a tháirgeadh sa Ghréigis — an Ghréig
|
Déanfaidh an Ionadaíocht sa Ghréig, nuair is gá coimisiúnú ar tháirgeadh inneachair fhuaime agus fhíse le cur ar an aer ar chainéil phríomhshrutha teilifíse, ar theilifís ghréasáin, ar na meáin shóisialta agus ag imeachtaí poiblí.
|
Beart 5 |
Inneachar sa Ghréigis a dhearadh agus a thairgeadh do na meáin chlóite agus ar líne — an Ghréig
|
Déanfaidh an ionadaíocht sa Ghréig, nuair is gá coimisiúnú ar tháirgeadh inneachair scríofa agus fhíse le cur sna meáin chlóite phríomhshrutha, in irisí speisialtachta, ar láithreáin ghréasáin, ar na meáin shóisialta agus le dáileadh ar an bpobal.
|
Beart 6 |
Dáileadh inneachair trí mheán an raidió, na teilifíse, na meán clóite agus ar ardáin ar an ngréasán sa Ghréig
|
Tá an Ionadaíocht sa Ghréig ag iarraidh seirbhísí sainchomhairleoireachta na meán nó seirbhísí chomhlacht fógraíochta na meán a scaipfidh inneachar comhghaolmhar ar raidió, teilifís, meáin chlóite agus ar ardáin ghréasáin thar ceann Ionadaíocht AE sa Ghréig.
|