Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Seirbhísí lónadóireachta agus seirbhísí ionaid gaolmhara a sholáthar do Eurojust...
Údarás Conarthachta:
EUROJUST
Dáta foilsithe TED:
17/01/2014
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
04/03/2014
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
2014/PO/EJ/4.
Seirbhísí lónadóireachta agus seirbhísí ionaid gaolmhara a sholáthar do Eurojust.
Tá sé mar scóip ag an nós imeachta soláthair seo seirbhísí lónadóireachta (cóisirí) agus seirbhísí ionaid gaolmhara a sholáthar do Eurojust.Chun comhlíonadh a phríomhthascanna gnó sannta a chinntiú, tá sé ar intinn ag Eurojust roinnt cruinnithe agus seimineár straitéiseach a eagrú sna 4 bliana amach romhainn (thart ar 24 cruinniú san iomlán) agus tá sé beartaithe go mbeidh na cruinnithe sin ar siúl sa Háig, lasmuigh d'áitreabh Eurojust. Dá bhrí sin, is mian le Eurojust lónadóirí seachtracha a fhostú, a bheidh in ann ionaid chomhdhála a bhainistiú sa Háig chomh maith. Go hachomair, ionad ilfhreastail lena soláthrófar tairiscintí tráthúla atá iomaíoch ó thaobh praghais de maidir leis an ionad/na hionaid roghnaithe agus cóisirí iontu. Chun an sprioc thuasluaite a bhaint amach ní mór do Eurojust an nós imeachta soláthair seo a chur i bhfeidhm, i dtreo is go bhféadfaí ullmhúcháin i dtaca leis na seimineáir réamhluaite agus cruinniú ar bith eile a bheidh ar siúl sa Háig agus lasmuigh d'áitreabh Eurojust a phleanáil roimh ré.Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh lónadóireacht inmheánach a bheith ag teastáil ó Eurojust, amach anseo, mar chuid den idirthréimhse roimh bhogadh chuig áitreabh deiridh Eurojust. Dá bhrí sin, baineann an tairiscint seo le seirbhísí breise arna soláthar do chóisirí inmheánacha agus don bhialann foirne inmheánach. Ba mhian le Eurojust a chur in iúl go bhfuil na seirbhísí sin teoranta d'áitreabh reatha Eurojust áfach.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Neamhbhainteach
Garspriocanna
17/01/2014 00:00
04/03/2014 14:00
04/03/2014 14:00
11/03/2014 14:00
Bearta Níl aon bheart sa Ghlao ar Thairiscintí.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2014/S 012-016058
Fógra Conartha
17/01/2014 00:00
Cúnamh