Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Soláthar seirbhísí i réimse na Sainchomhairleachta margaíochta agus an Léiriúchá...
Údarás Conarthachta:
European Investment Fund
Dáta foilsithe TED:
13/10/2018
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
21/11/2018
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
2018-MRKTG-006
Soláthar seirbhísí i réimse na Sainchomhairleachta margaíochta agus an Léiriúcháin Ábhair
Tá an Ciste Eorpach Infheistíochta ag iarradh soláthar a dhéanamh maidir le roinnt soláthraithe seirbhíse i ndáil le sainchomhairleacht margaíochta agus le seirbhísí léiriúcháin d’fhonn cuidiú le spreagadh feasachta maidir le táirgí agus seirbhísí an Chiste i measc spriocdhreamanna éagsúla. Tacóidh soláthraithe seirbhíse le teachtaireachtaí margaíochta saindírithe, éifeachtacha agus ábhartha a chur i láthair le hábhar scannánaíochta, ábhar clóite, ábhar digiteach agus ábhar do na meáin shóisialta.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
13/10/2018 00:00
21/11/2018 23:59
29/11/2018 23:59
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
Seirbhísí léiriúcháin scannán laistigh de Lucsamburg
Scannáin chruthaitheacha, éifeachtacha, gairmiúla a léiriú, i.e. comhaid dhigiteachta Ardtaifigh (HD) ina mbíonn scannáin agus de réir mar is gá, guthú, tráchtaireacht agus/nó fotheidil i réimse teangacha, le scannánú laistigh de chríoch Lucsamburg, mar seo a leanas:Scannáin chomhdhála bheo agus bhréagbheo laistigh de LucsamburgScannáin ar stíl faisnéise laistigh de Lucsamburg
Beart 2
Seirbhísí léiriúcháin scannán lasmuigh de Lucsamburg maille le scannáin bheochana
Scannáin chruthaitheacha, éifeachtacha agus ghairmiúla a léiriú, i.e. comhaid dhigiteachta Ardtaifigh (HD) ina bhfaightear scannáin agus gnéithe beochana le guthú nó tráchtaireacht agus fotheidil i dteanga ar bith, le scannánú lasmuigh de Lucsamburg, i 28 tír an AE den chuid is mó, mar seo a leanas:Scannáin chomhdhála bheo agus bhréagbheo lasmuigh de LucsamburgScannáin ar stíl faisnéise lasmuigh de LucsamburgScannáin bheochana
Beart 3
Seirbhísí sainchomhairleachta cruthaitheacha agus dearadh grafach
Sainchomhairleacht chruthaitheach, i.e. coincheapa cruthaitheacha a fhorbairt ar bhonn threoir ón CEI, agus dearadh grafacha, i.e. seirbhísí grafacha agus físe a sholáthar arna gcur in oiriúint do spriocdhreamanna éagsúla, formáidí agus bealaí scaipthe (ar líne/as líne, digiteach/cló), arna chinntiú go mbíonn toradh na hoibre nua-aimseartha, ábhartha agus mealltach don tsúil mar ba chóir.
Beart 4
Seirbhísí cothú caidrimh agus léiriúcháin do na meáin shóisialta
Seirbhísí comhairle agus léiriú leanúnach ar ábhar tráthúil, ábhartha, iléagsúil le húsáid ar na meáin shóisialta lena gcothaítear caidreamh ar fud na n-ardán agus na spriocdhreamanna ionas go gcuidítear leis an CEI an straitéis cumarsáide ar líne agus margaíochta digití a chur i gcrích.
Beart 5
Seirbhísí forbartha sócmhainní digiteacha
Forbairt sócmhainní digiteacha, seirbhísí óstála agus cothabhála chun críche margaíochta agus gníomhaíochtaí i ndáil leis an margaíocht, lena n-áirítear, cé nach teoranta ina leith seo amháin é, láithreáin ghréasáin, aipeanna móibíleacha agus sócmhainní digiteacha eile ar nós foilseacháin dhigiteacha nó uirlisí spriocdhreamanna ar mhaithe le caidreamh a chothú leis na spriocdhreamanna.
Beart 6
Grianghrafadóireacht theibí agus tírdhreacha
Léiriú íomhánna cruthaitheacha agus éifeachtacha sa chatagóir neamhdhaonna, lena n-áirítear grianghrafadóireacht stiúideo lena gcruthaítear íomhánna teibí, grianghrafadóireacht tírdhreacha. Sa chás go mbainfí leas as íomhánna daonna, is mar fhoinse thánaisteach é mar chomhlánú leis an íomhá theibí / léiriú físe an ní seachas mar léiriú ar an bpríomhábhar.
Beart 7
Grianghrafadóireacht portráide agus imeachtaí beo
Léiriú íomhánna cruthaitheacha agus éifeachtacha sa chatagóir den ghrianghrafadóireacht dhaonna, lena n-áirítear pictiúir phróifíle de dhaoine aonair agus den ghrianghrafadóireacht i ndáil le himeachtaí; i.e. pictiúir nó comhdhálacha nádúrtha.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2018/S 198-446823
Fógra Conartha
13/10/2018 00:00
Cúnamh