Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Rectificatif No 3 concernant les extincteurs publié. Le Formulaire 8 - Partie 4 - modifié
Teideal:
Cothabháil suiteálacha agus oibreacha leictreacha, HVAC agus sláintíochta i bhfo...
Údarás Conarthachta:
European Court of Auditors (ECA)
Dáta foilsithe TED:
24/10/2018
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
30/11/2018
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
AO 675
Cothabháil suiteálacha agus oibreacha leictreacha, HVAC agus sláintíochta i bhfoirgnimh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Is í an aidhm leis an nós imeachta cuiridh chun tairisceana seo chun conraitheoir a roghnú chun soláthar cothabhála do shuiteálacha teicniúla Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chinntiú, agus chun tabhairt faoi oibreacha leictreacha, HVAC agus sláintíochta.Tá an conradh roinnte ina dhá bheart ar leithligh:— beart 1: cothabháil suiteálacha leictreacha agus slándála, agus oibreacha leictreacha i bhfoirgnimh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa,— beart 2: cothabháil suiteálacha HVAC agus sláintíochta, agus oibreacha HVAC agus sláintíochta i bhfoirgnimh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa.
Oibreacha
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
24/10/2018 00:00
Neamhbhainteach
Neamhbhainteach
30/11/2018 17:00
04/12/2018 10:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1 Cothabháil suiteálacha agus oibreacha leictreacha Is iad seo a leanas na seirbhísí cothabhála a chlúdaítear leis an gconradh seo:— gach oibríocht um chothabháil choisctheach,— gach oibríocht um chothabháil cheartaitheach,— gach seirbhís dhuchtála,— gach seirbhís chúnaimh um bainistíocht comhshaoil,— cúnamh le linn imscrúduithe tréimhsiúla ar thug an comhlacht ceadaithe fúthu.Feidhmeofar na seirbhísí úd ar feadh achar an chonartha i gcomhréir le héilimh na Cúirte.Na hoibreacha leictreacha, nach ionann agus idirghabhálacha faoi na seirbhísí cothabhála, agus a d’fhéadfadh bheith riachtanach i rith an chonartha; baineann siad go sonrach le mionathruithe agus / nó le tionscadail athchóirithe nó athnuachana, nó le faireachán ar oibreacha ar thug comhlacht tríú páirtí fúthu. Is féidir mionathruithe beaga a dhéanamh ar feadh saolré an chonartha ag brath ar éilimh na Cúirte, agus is oibríochtaí níos casta iad na tionscadal athchóirithe nó athnuachana óna dteastaíonn idirghabháil le roinnt comhlachtaí. Ní fheidhmeofar gach ceann de na tionscadail úd ach amháin uair amháin i rith an chonartha.Leagtar amach in Iarscríbhinn 2A liosta de na príomhshuiteálacha a bhaineann leis an gconradh. Is chun cuspóirí faisnéise amháin a thugtar a dtuairisc theicniúil agus chainníochtúil. Is liosta neamh-uileghabhálach é seo, agus ba cheart go gcomhlánófaí é dá mba ghá ag an gconraitheoir féin. Glactar leis go mbíonn gach suiteáil i ndea-bhail oibre. Meastar gach trealamh, suiteáil agus oiriúint choimhdeach mar chuid lárnach de na suiteálacha.Tharraing an Chúirt liosta sealadach agus neamh-uileghabhálach de sheirbhísí agus soláthairtí a d’fhéadfadh bheith de dhíth ar an gCúirt, mar chuid den chothabháil cheartaitheach nó mar chuid de na hoibreacha a bhaineann leis an gconradh seo (Iarscríbhinn 2C). Ní hionann é sin gealltanas ón gCúirt chun na seirbhísí/na hoibreacha sin a dhéanamh, agus is dóichí go gcuirfear leis an liosta sin thar thréimhse ama agus de réir riachtanas.
Beart 2 Cothabháil suiteálacha agus oibreacha HVAC agus sláintíochta Is iad seo a leanas na seirbhísí cothabhála a chlúdaítear leis an gconradh seo:— gach oibríocht um chothabháil choisctheach,— gach oibríocht um chothabháil cheartaitheach,— gach seirbhís dhuchtála,— gach seirbhís chúnaimh um bainistíocht comhshaoil,— cúnamh le linn imscrúduithe tréimhsiúla ar thug an comhlacht ceadaithe fúthu.Feidhmeofar na seirbhísí úd ar feadh achar an chonartha i gcomhréir le héilimh na Cúirte.Na hoibreacha HVAC agus sláintíochta, nach ionann agus idirghabhálacha faoi na seirbhísí cothabhála, agus a d’fhéadfadh bheith riachtanach i rith an chonartha; baineann siad go sonrach le mionathruithe agus / nó le tionscadail athchóirithe nó athnuachana, nó le faireachán ar oibreacha ar thug comhlacht tríú páirtí fúthu. Is féidir mionathruithe beaga a dhéanamh ar feadh saolré an chonartha ag brath ar éilimh na Cúirte, agus is oibríochtaí níos casta iad na tionscadal athchóirithe nó athnuachana óna dteastaíonn idirghabháil le roinnt comhlachtaí. Ní fheidhmeofar gach ceann de na tionscadail úd ach amháin uair amháin i rith an chonartha.Leagtar amach in Iarscríbhinn 2A liosta de na príomhshuiteálacha a bhaineann leis an gconradh. Is chun cuspóirí faisnéise amháin a thugtar a dtuairisc theicniúil agus chainníochtúil. Is liosta neamh-uileghabhálach é seo, agus ba cheart go gcomhlánófaí é dá mba ghá ag an gconraitheoir féin. Glactar leis go mbíonn gach suiteáil i ndea-bhail oibre. Meastar gach trealamh, suiteáil agus oiriúint choimhdeach mar chuid lárnach de na suiteálacha.Tharraing an Chúirt liosta sealadach agus neamh-uileghabhálach de sheirbhísí agus soláthairtí a d’fhéadfadh bheith de dhíth ar an gCúirt, mar chuid den chothabháil cheartaitheach nó mar chuid de na hoibreacha a bhaineann leis an gconradh seo (Iarscríbhinn 2C). Ní hionann é sin gealltanas ón gCúirt chun na seirbhísí/na hoibreacha sin a dhéanamh, agus is dóichí go gcuirfear leis an liosta sin thar thréimhse ama agus de réir riachtanas.
Fógraí
Tagairt Notice type Dáta Foilsithe
2018/S 210-479171 Ceartúchán 31/10/2018 00:00
2018/S 205-467118 Fógra Conartha 24/10/2018 00:00
Cúnamh