Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Beartais maidir le Gás Ceaptha Teasa Fluairínithe (4 Bheart)
Údarás Conarthachta:
European Commission, DG for Climate Action (CLIMA)
Dáta foilsithe TED:
29/12/2018
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
25/02/2019
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
CLIMA.A.2/SER/2018/0011
Beartais maidir le Gás Ceaptha Teasa Fluairínithe (4 Bheart)
Le haghaidh forfheidhmiú rathúil Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, ní foláir conradh a cheapadh don todhchaí (Beart 2) chun tacú leis an bhforfheidhmiú. Ar an gcaoi chéanna teastaíonn ionchur teicniúil maidir le hidirbheartaíocht idirnáisiúnta agus for-rochtain maidir lenár mbeartais (Beart 1). Caithfear an céimniú amach a chur chun feidhme go réidh, agus teastaíonn súil ghéar a choinneáil ar an tionchar ar an margadh (Beart 3). D’fhonn ár n-oibleagáidí faoi Airteagal 21(2) agus 21(4) den Rialachán a chomhlíonadh, ar gá tuairiscí maidir le hinfhaighteacht HFC agus roghanna malairte seachas SF6 sa lascthrealamh ina leith chomh maith le roghanna malairte a d’fhéadfadh teacht in ionad na haerchóireála scoilte, ní foláir beart 4 a chur i bhfeidhm.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
29/12/2018
15/02/2019 16:30
18/02/2019
25/02/2019 16:00
07/03/2019 10:30
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1 Saincheisteanna maiidr le Gáis Cheaptha Teasa Fhluairínithe/Substaintí Ídithe Ózóin agus a Scaipeadh go hIdirnáisiúnta Is iad na cuspóirí ginearálta atá leis an mbeart seo a chinntiú go mbíonn tacaíocht theicniúil leordhóthanach ar fáil le linn na hidirbheartaíochta ag cruinnithe idirnáisiúnta faoi Phrótacal Montreal agus tacú le AS CLIMA i mbun gníomhaíochtaí for-rochtana, go háirithe maidir le roghanna malartacha i ndáil le hAcmhainn téamh domhanda (GWP - global warming potential) íseal maille le roghanna beartais agus cnámhscéalta, ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh.
Beart 2 Tacaíocht intíre Tá de chuspóir ginearálta tacú le hAS CLIME na beartais (nua) maidir le F-gháis agus le Cosaint an Chisil Ózóin a chur chun feidhme. Is iad sainchuspóirí na tairisceana seo na nithe a leanas a fháil:— tacaíocht maidir le forfheidhmiú intíre an Rialacháin F-gháis, go háirithe maidir leis an gClárlann HFC, tuairisciú, cuótaí, deasc chabhrach do chuideachtaí agus saincheisteanna comhlíontais,— tacaíocht maidir le hanailís ar na hiarratais ar mhaolú faoin Rialachán Ózóin.
Beart 3 Praghas HFC agus Faireachán maidir le céimniú amach Is é atá de chuspóir ginearálta anailís a dhéanamh ar ghnéithe an mhargaidh agus na heacnamaíochta maidir le soláthar HFCanna agus an t-éileamh orthu agus ar theicneolaíochtaí malartacha le húsáid go hinmheánach ag AS CLIMA, chun tacú le faireachán ar na torthaí a bhíonn ar Rialacháin (AE) Uimh. 517/2014.Is iad seo a leanas cuspóirí sainiúla an chonartha seo:— faireachán agus anailís a dhéanamh ar chora nua margaidh agus praghais ar mhargadh an domhain agus ar mhargadh an AE maidir le HFCanna,— measúnú a dhéanamh ar an bhfeidhmiú agus ar an tionchar maidir le córas na gcuótaí,— anailís a dhéanamh ar thionchar an chéimniú amach ar an nuálaíochta in earnálacha ábhartha,— measúnú a dhéanamh ar oiread na trádála mídhleathaí agus cuideachtaí neamh-chomhlíontacha a shainaithint de réir mar is féidir.
Beart 4 Tuairiscí maidir le SF6 agus Aerchóireáil Scoilte Tá de chuspóir ginearálta an fhaisnéis ábhartha a bhailiú, lena n-áirítear suirbhéanna agus comhairliúcháin le geallsealbhóirí a dhéanamh ar fud an AE, chomh maith le hanailís ar an bhfaisnéis ábhartha, chun tacú leis an gCoimisiún tuairiscí measúnachta a eisiúint faoi chineálacha lascthrealaimh agus córais aerchóireála scoilte de réir mar a dtagraítear dóibh thuas. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfí moltaí chun cinn de bharr shaothar na gcomhairleoirí i ndáil le forbairt bhreise ar bheartais AE sna réimsí seo.Is é is cuspóir go sonrach leis an tairiscint seo:Forléargas a chur ar fáil maidir le roghanna malartacha ábhartha atá ar fáil faoi láthair agus ar bhearta taighde agus forbartha atá ar siúl i ndáil leis na hearnálacha sin san Aontas Eorpach;Measúnú a dhéanamh ar acmhainn mhargadh AE maidir le roghanna malartacha atá ar fáil faoi láthair i gcomhréir leis na 4 chritéar maidir le costéifeachtúlacht, féidearthacht theicniúil, éifeachtúlacht fuinnimh agus iontaofacht fuinnimh;Moltaí a cheapadh maidir le forbairt bhreise ar bheartais AE i ndáil leis na réimsí seo.
Fógraí
Tagairt Notice type Dáta Foilsithe
2018/S 250-576682 Fógra Conartha 29/12/2018
Cúnamh