Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Trealamh, fearais, crua-earraí, ceadúnais bhogearraí agus seirbhísí gaolmhara a ...
Údarás Conarthachta:
Council of the European Union
Dáta foilsithe TED:
22/02/2019
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
05/04/2019
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
UCA 18/059
Trealamh, fearais, crua-earraí, ceadúnais bhogearraí agus seirbhísí gaolmhara a fháil do bhonneagar ardáin iarléiriúcháin físeáin (VPPP) d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Táthar ag díriú leis na creatchonarthaí nua chun ardán iarléiriúcháin físeáin d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh a fheabhsú (‘an Ardrúnaíocht’), go gcoinnítear á reáchtáil agus go mbíonn sé suas chun dáta leis an éabhlóid teicneolaíochta i bhfearann na craoltóireachta, leis na riachtanais a bhaineann le hoibríochtaí closamhairc na hArdrúnaíochta agus le hionchais na bpríomhpháirtithe leasmhara ar fad (Uachtarán na Comhairle Eorpaí/Comhairle na hEorpa, Uachtaránacht/Comhairle, Uachtarán an Ghrúpa Euro/an Grúpa Euro) agus cliaint sna meáin.Tá an glao ar thairiscintí roinnte ina 2 bheart.Dámhfar gach beart ar leithligh le haghaidh an nóis imeachta seo go leithleach.Maidir le beart 1: dámhfaidh an ardrúnaíocht 1 chreatchonradh amháin ar 1 oibreoir aonair amháin.Maidir le beart 2: dámhfaidh an ardrúnaíocht 3 chreatchonradh ar a mhéad (il-chreatchonradh le hathoscailt iomaíochta).
Soláthairtí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
22/02/2019 00:00
05/04/2019 16:00
12/04/2019 15:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
Trealamh, fearais, crua-earraí, ceadúnais bogearraí agus seirbhísí gaolmhara a fháil do bhonneagar ardáin iarléiriúcháin físeáin (VPPP) d’Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Cumhdaítear le beart 1 modúil/táirgí/seirbhísí a bhaineann le príomhghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin agus le timpeallacht Media Asset Management (MAM). Tá príomhghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin reatha bunaithe ar ardán thimpeallacht Cinegy Media Asset Management agus beidh infheistíochtaí sa todhchaí, faoin gconradh/faoi na conarthaí a eascróidh ón nós imeachta soláthair seo, comhoiriúnach le MAM reatha Cinegy.Áirítear an méid a leanas le gnáthghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin (níl an liosta uileghabhálach):— Ardán Media Asset Management (MAM): Bogearraí Cinegy agus na crua-earraí ar a reáchtáiltear é),— bainistiú an líonra físeáin lena n-áirítear faireachán, inrochtaineacht chianda agus slándáil,— gabháil/ionghabháil comharthaí beo físeáin agus comhad físeáin (bogearra agus an crua-earra ar a reáchtáiltear é, lena n-áirítear Cinegy Capture, GPU agus cártaí gabhála físchomhartha), — físchomharthaí agus comhaid a chur in eagar (stáisiúin oibre Cinegy agus an crua-earra ar a reáchtáiltear é, lena n-áirítear breiseáin iarléiriúcháin),— físléiriúchán (cianda): físléiriúchán beo agus iarléiriúcháin físeáin ar ardleibhéal (lena n-áirítear córas KVM IHSE ),— traschód agus físchomhaid a chomhbhrú,— físchomhaid a dháileadh (FileCatalyst),— físchomhaid a chartlannú.Dá bhrí sin cumhdaítear leis an mbeart seo soláthar (lena n-áirítear seachadadh, suiteáil agus comhtháthú) gach cineál modúl/táirgí/seirbhísí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí seo. Áirítear leis soláthairtí líonra (grád craolacháin), faireachán físeáin agus soláthairtí fís-slándála, crua-earraí agus bogearraí le comhtháthú san ardán iarléiriúcháin físeáin reatha, go sonrach ach gan a bheith teoranta do tháirgí agus do mhodúil Cinegy. Áirítear le beart 1 táirgí crua-earraí/bogearraí agus seirbhís a bhaineann le bunachar sonraí cartlannaithe agus MAM na hardrúnaíochta, stáisiúin ghabhála, stáisiúin eagarthóireachta, stáisiúin aistrithe, líonraí físeáin, réiteach KVM IHSE, réiteach faireacháin físeáin, réiteach aistrithe comhad, agus réitigh a bheidh slán i bhfad na haimsire a chumasóidh muid chun an margadh sreafaí oibre físléiriúcháin atá ag athrú go tapa a leanúint.Chun teacht ar thuilleadh sonraí ar na modúil/táirgí/seirbhísí a chumhdaítear le beart 1, féach na sonraíochtaí tairisceana atá comhchoiteann do bheart 1 agus do bheart 2 chomh maith leo sin atá sainiúil do bheart 1.
Beart 2
Modúil/táirgí/seirbhísí, a bhaineann le gníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin (VPPP) nach príomhghníomhaíochtaí iad, le sreabhadh oibre bunaithe ar chomhaid agus le timpeallacht Media Asset Management (MAM)
Cumhdaítear le beart 2 modúil/táirgí/seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin (VPPP) nach príomhghníomhaíochtaí iad, le sreabhadh oibre bunaithe ar chomhaid agus le timpeallacht Media Asset Management (MAM).Áirítear an méid a leanas le gníomhaíochtaí nach gnáthghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin iad (níl an liosta uileghabhálach):— fearas rialaithe cáilíochta,— fearais aistrithe agus suas/anuas/trasaistrithe,— tiontairí comharthaí agus meán.Cabhróidh na soláthairtí le córais an tsreafa oibre fhoriomláin chomhadbhunaithe agus le córais seachadta físeáin a fheabhsú. I go leor cásanna, ní mór na soláthairtí a bheith comhtháite go dlúth leis an gcuid eile de bhonneagar an ardáin iarléiriúcháin físeáin. Dá bhrí sin, baineann ríthábhacht le fusacht chomhtháthú táirgí Cinegy, líonra an ardáin iarléiriúcháin fiseáin agus príomhghníomhaíochtaí an ardáin iarléiriúcháin físeáin.Áirítear le beart 2 táirgí crua-earraí/bogearraí agus seirbhísí a bhaineann le réitigh a bheidh slán i bhfad na haimsire dár gcumasú chun margadh mearathraitheach na físeagarthóireachta a leanúint (maidir le e.g. scáileáin thagartha agus ilamhairc, dathghrádú, consóil eagarthóireachta), traschódú comhad agus formáidí comhad, tiontairí comhartha prótacail agus tairsí, rialú cáilíochta comhad agus físchomhaid a oiriúnú do shonraíochtaí na hardstiúrthóireachta.Chun teacht ar thuilleadh sonraí ar na modúil/táirgí/seirbhísí a chumhdaítear le beart 2, féach na sonraíochtaí tairisceana atá comhchoiteann do bheart 1 agus do bheart 2 chomh maith leo sin atá sainiúil do bheart 2.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2019/S 038-084398
Fógra Conartha
22/02/2019 00:00
Cúnamh