Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Ardán Comhoibritheach ar líne le Tionscnamh ó na Saoránaigh Eorpacha a bhainisti...
Údarás Conarthachta:
Secretariat General (SG)
Dáta foilsithe TED:
05/08/2019
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
24/09/2019
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
PO-SG-A1-01-2019
Ardán Comhoibritheach ar líne le Tionscnamh ó na Saoránaigh Eorpacha a bhainistiú
Is é an cuspóir foriomlán leis an ardán comhoibritheachta ar líne faisnéis agus tacaíocht a sholáthar maidir le hullmhú agus reáchtáil tionscnamh ó na saoránaigh Eorpacha, díospóireacht a spreagadh ina leith, agus go ginearálta timpeall ábhar a bhaineann leis an ionstraim seo. Is é an cuspóir leis an bhFóram spás a thairiscint i gcás gur féidir le saoránaigh teacht le chéile chun a gcuid tionscnamh a phlé agus a chruthú, idirghníomhú idir lucht eagraithe (féideartha), saoránaigh agus saineolaithe a chothú; agus faoi dheoidh cáilíocht na n-iarratas ar chlárúchán a fheabhsú le cur isteach chuig an gCoimisiún (leagtar béim thábhachtach ar an gcéim ullmhaithe os coinn na céime forfheidhmithe trínar féidir le lucht eagraithe idirchaidreamh a dhéanamh go rialta leis an gcoimisiún).
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Conradh poiblí
An cóimheas praghas-cáilíocht is fearr
79140000
00
Coinníollacha rannpháirtíochta
Ní mór don tairgeoir (agus do gach ball den ghrúpa i gcás comhthairisceana) agus d'fhochonraitheoirí a bhfuil a gcumais riachtanach chun na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh an dearbhú ar fhocal a sholáthar (féach an Iarscríbhinn) agus é sínithe agus dátaithe ag ionadaí údaraithe, ina bhfuil sé luaite go gcomhlíonann siad na critéir roghnúcháin is infheidhme leo ar bhonn aonair. Maidir leis na critéir is infheidhme leis an tairgeoir ina iomláine ní mór don tairgeoir (don tairgeoir aonair nó don cheannaire i gcás comhthairisceana) an dearbhú ar fhocal a sholáthar ina bhfuil sé luaite go gcomhlíonann an tairgeoir, lena n-áirítear baill uile an ghrúpa i gcás comhthairisceana agus lena n-áirítear fochonraitheoirí más infheidhme, na critéir roghnúcháin a ndéanfarMeasúnú comhdhlúite ina leith.Tá an dearbhú sin ina chuid den dearbhú a úsáidtear maidir le critéir eisiaimh (féach alt 4.1) agus dá bhrí sin níor cheart do gach eintiteas atá i gceist ach dearbhú amháin a sholáthar lena gclúdaítear an dá ghné.Tar éis dhámhachtain an chonartha, iarrfar ar an tairgeoir rathúil an fhianaise a sholáthar atá luaite thíos sula síneofar an conradh agus laistigh de spriocdháta arna thabhairt ag an údarás conarthach. Tá an riachtanas sin infheidhmithe i leith gach ball den ghrúpa i gcás comhthairisceana agus le fochonraitheoirí a bhfuil a gcumais riachtanach chun na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh.Níl sé riachtanach do thairgeoir (nó do bhall den ghrúpa i gcás comhthairisceana, nó d'fhonchonraitheoir) an fhianaise dhoiciméadach a chur isteach má cuireadh isteach í cheana féin maidir le nós imeachta soláthair eile agus ar an gcoinníoll nach ndearnadh na doiciméid a eisiúint tráth níos mó ná bliain amháin roimh dháta a n-iarratais ón údarás conarthachta agus go bhfuil siad fós bailí ar an dáta sin. I gcásanna mar sin, ní mór don tairgeoir a dhearbhú ar a fhocal gur soláthraíodh an fhianaise dhoiciméadach cheana féin i nós imeachta soláthair roimhe seo, léiriú a thabhairt maidir le tagairt an nós imeachta agus a dhearbhú nár tháinig aon athrú ar a staid ó shin.Níl sé riachtanach do thairgeoir (nó do bhall den ghrúpa i gcás comhthairisceana, nó d'fhonchonraitheoir) doiciméad ar leith a chur isteach más féidir leis an údarás conarthach an doiciméad atá i gceist a rochtain ar bhunachar sonraí náisiúnta saor in aisce.Ní mór do thairgeoirí a chruthú go bhfuil sé de chead acu tabhairt faoi na gníomhaíochta gairmiúla is gá chun an obair atá mar ábhar an ghlao seo ar thairiscintí a chur i gcrích. Ní mór don tairgeoir (agus do gach ball den ghrúpa i gcás comhthairisceana) an fhaisnéis a leanas a sholáthar sa tairiscint dá gcuid mura ndearnadh í a sholáthar leis an bhfoirm um eintiteas dlíthiúil:— i gcás daoine dlítheanacha, cóip inléite d'fhógra cheapachán na ndaoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an tairgeora i dtaca le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlí, nó cóip chun a dhearbhú gur foilsíodh ceapachán dá leithéid má éilítear sa reachtaíocht a bhaineann leis an duine dlítheanach foilsiú den sórt sin. Ní mór fianaise a thabhairt má dhéantar an t-údarú sin a tharmligean d'ionadaí eile nach bhfuil luaite sa cheapachán oifigiúil,— le haghaidh daoine nádúrtha, más gá faoi dhlí infheidhme, cruthúnas de chlárú ar chlár gairmiúil nó ceirde nó doiciméad oifigiúil ar bith eile lena léirítear an uimhir chlárúcháin.
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Garspriocanna
05/08/2019 00:00
Neamhbhainteach
Neamhbhainteach
24/09/2019 12:00
27/09/2019 11:00
Bearta Níl aon bheart sa Ghlao ar Thairiscintí.
Fógraí
Tagairt Notice type Dáta Foilsithe
2019/S 157-386462 Ceartúchán 16/08/2019 00:00
2019/S 149-366054 Fógra Conartha 05/08/2019 00:00
Cúnamh