Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Tacaíocht, Cothabháil agus Seirbhísí Gaolmhara (Seirbhísí Oiliúna agus Gairmiúla...
Údarás Conarthachta:
Council of the European Union
Dáta foilsithe TED:
13/12/2019
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
31/01/2020
Stádas:
Dúnta
Faisnéis
UCA 19/011
Tacaíocht, Cothabháil agus Seirbhísí Gaolmhara (Seirbhísí Oiliúna agus Gairmiúla) le haghaidh an Chórais Chraolacháin Chlosamhairc, Dáileadh Comharthaí, Próiseáil Comharthaí agus Bonneagar Rialaithe Comharthaí
Tá Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh (an 'Rúnaíocht') ag seoladh an ghlao seo ar thairiscintí d'fhonn creatchonarthaí a thabhairt chun críche lena gcinnteofar feidhmiú rianúil an Bhonneagair Chraolacháin trí na seirbhísí tacaíochta, cothabhála agus gaolmhara.Cinnteofar leis na creatchonarthaí nua go gcumhdófar an Bonneagar Craolacháin a bhainistíonn an Rúnaíocht le seirbhísí comhleanúnacha cothabhála agus tacaíochta, a ligeann don Rúnaíocht idirghabhálacha agus ceartúcháin a iarraidh ar shaincheisteanna teicniúla, feabhas a chur ar chobhsaíocht an bhonneagair fhoriomláin le cothabháil choisctheach, oibríochtaí craolacháin rianúil agus aga neamhfhónaimh íosta a áirithiú ar mhaithe le hathléimneacht agus leanúnachas gnó, na bogearraí craolacháin a choinneáil cothrom le dáta, na seirbhísí gairmiúla riachtanacha a sholáthar agus eolas na dteicneoirí craolacháin a choinneáil cothrom le dáta leis an oiliúint riachtanach.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
50330000
Garspriocanna
13/12/2019 00:00
31/01/2020 23:59
07/02/2020 14:00
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
Seirbhísí do Líonra Meán Craolacháin agus Bonneagar Idirchum (Riedel)
Clúdaítear le Beart 1 seirbhísí, a bhaineann le líonra na meán craolacháin, léiriúcháin chlosamhairc cumarsáide agus bonneagar idirchum (bonneagar Riedel) na Rúnaíochta: Córais MediorNet, Artist agus Bolero, lena n-áirítear lasca líonra idirchum (lasca AES67).
Beart 2
Seirbhísí do Bhonneagar Craolacháin IP-bhunaithe, Próiseáil Físe agus Fuaime Craolacháin agus Bonneagar Rialaithe (Lawo)
Clúdaítear le Beart 2 seirbhísí, a bhaineann leis an mbonneagar craolacháin IP-bhunaithe, le bonneagar craolacháin agus rialaithe físe agus fuaime (bonneagar Lawo) na Rúnaíochta; go sonrach ach gan a bheith teoranta do chórais V_Matrix, V_pro8, consól raidió agus VSM.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2019/S 241-590325
Fógra Conartha
13/12/2019 00:00
Cúnamh