Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí
Faisnéis
Uimhir thagartha na tairisceana
COMM/2020/OP/0024
Teideal
Conradh ilchreataí Measctha le haghaidh Seirbhísí Cumarsáide Digiteacha agus Físiúla agus na Meáin Shóisialta (DCOMM1)
Tuairisc
Is éard is ábhar an ghlao seo ar thairiscintí, conradh ilchreataí measctha ar sheirbhísí cumarsáide digiteacha agus na meáin shóisialta. Feidhmeoidh an conraitheoir/na conraitheoirí, tar éis dlúthchomhordú leis an údarás conarthach, na seirbhísí go léir atá de dhíth chun láithreacht ghréasáin na n-údarás conarthach agus na cainéil chumarsáide dhigiteacha eile a dhearadh, a bhunú, a chruthú, a fheabhsú agus a chothabháil. Bheidh dhá (2) bheart i gceist leis an gcreatchonradh: an chéad bheart le haghaidh seirbhísí intramuros (Ama & Acmhainní) agus seirbhísí Ama & Acmhainní Neasachta, i bhfoirm chonradh ilchreataí measctha in ord tosaíochta; an dara beart le haghaidh seirbhísí extramuros (Ama agus Acmhainní Luaite) agus “praghas seasta”, i bhfoirm conradh ilchreataí measctha in ord tosaíochta, agus athoscailt comórtais os cionn tairseach EUR 100 000.
Cineál an Chonartha
Seirbhísí
Cineál an Nós Imeachta
Nós imeachta oscailte
Stádas
Dúnta
Foilsithe ar TED
Conas tairiscint a chur isteach
Go leictreonach
Is féidir tairiscintí a chur isteach
Beart amháin nó níos mó
Maximum number of lots
2
Eolas mar gheall ar chonradh poiblí, creat-chomhaontú nó córas ceannaigh dinimiciúil (CDD)
Creat-chomhaontú
Proifíl an cheannaí - Seoladh (URL)
Luach iomlán measta
150,000,000.00 EUR
Main CPV
72000000
Coinníollacha rannpháirtíochta
Suitability to pursue the professional activity, including requirements relating to enrolment on professional or trade registers
Féach an seoladh idirlín atá curtha ar fáil in Alt I.3).
Economic and financial standing - List and brief description of selection criteria
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Economic and financial standing- Minimum level(s) of standards possibly required
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Technical and professional ability - List and brief description of selection criteria
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Technical and professional ability - Minimum level(s) of standards possibly required
Critéir dámhachtana mar atá léirithe sna doiciméid soláthair
Garspriocanna
Dáta foilsithe TED
10/07/2020 00:00
Spriocdháta le haghaidh Ceisteanna
N/A
Spriocdháta le haghaidh Freagraí
N/A
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí
15/09/2020 16:00
Coinníollacha maidir le tairiscintí a oscailt (dáta)
17/09/2020 10:00
Bearta
Uimhir an Bhirt
Teideal
Tuairisc
Beart 1
Seirbhísí Ama agus Acmhainní agus Seirbhísí Ama agus Acmhainní Neasachta a bhaineann le Cumarsáid Dhigiteach agus leis na Meáin Shóisialta
Feidhmeoidh an conraitheoir/na conraitheoirí, tar éis dlúthchomhordú leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdaráis chonarthacha eile, na seirbhísí go léir a bheidh de dhíth chun láithreacht ghréasáin na n-údarás conarthach agus na cainéil chumarsáide dhigiteacha eile a dhearadh, a bhunú, a chruthú, a fheabhsú agus a chothabháil.Déanfaidh an conraitheoir obair ar láithreáin ghréasáin éagsúla an Choimisiúin nó údarás conarthach eile (agus ar rannán áirithe díobh sin). D’fhéadfadh na láithreáin ghréasáin agus na rannáin sin a bheith difriúil ó thaobh cineáil agus castachta de. Anuas air sin, d’fhéadfadh roinnt tascanna a bheith ag baint le bainistiú inlíonta an Choimisiúin nó údarás conarthach eile.Iarrfar ar an gconraitheoir freisin oibriú ar chainéil dhigiteacha eile (e.g. ardáin mheán sóisialta) trí bhíthin ábhar a chruthú dóibh, na cuntais chorparáide éagsúla a chothabháil, ábhar amhairc a ullmhú le haghaidh na meán sóisialta nó tionscadail a bhaineann leis na meáin shóisialta a dhéanamh. Soláthróidh an conraitheoir tacaíocht ó thaobh roinnt uirlisí gréasáin a bhfuil na húdaráis chonarthacha freagrach astu a bhainistiú, a fheabhsú, a fhorbairt agus a chothabháil.Soláthróidh an conraitheoir tacaíocht eagarthóireachta freisin chun ábhar a fhoilsiú ar líne.Is i gcoinne ama agus acmhainní agus ama agus acmhainní neasachta a ordófar seirbhísí.
Beart 2
Seirbhísí Ama agus Acmhainní Luaite agus Seirbhísí Praghais Sheasta a bhaineann le Cumarsáid Dhigiteach agus leis na Meáin Shóisialta
Feidhmeoidh an conraitheoir/na conraitheoirí, tar éis dlúthchomhordú leis an gCoimisiún Eorpach agus le húdaráis chonarthach eile, na seirbhísí go léir a bheidh de dhíth chun tionscadail a bhaineann le cumarsáid dhigiteach agus leis na meáin shóisialta a dhearadh, a shainmhíniú, a chur i gcrích agus faireachán a dhéanamh orthu.Tacóidh an conraitheoir le DG COMM, le seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin agus le seirbhísí údarás conarthach d’fhonn tionscadail a bhaineann le cumarsáid dhigiteach agus leis na meáin shóisialta a shainaithint, a phleanáil, a bhainistiú, a chur i gcrích agus faireachán a dhéanamh orthu, lena chinntiú go mbainfear amach príomhspriocanna cumarsáide na hInstitiúide.Iarrfar ar an gconraitheoir oibriú ar chainéil dhigiteacha éagsúla (e.g. láithreáin ghréasáin agus ardáin mheán sóisialta).Is i gcoinne ama agus acmhainní luaite agus phraghas seasta a ordófar seirbhísí.
Fógraí