Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Tacaíocht do shuirbhéanna náisiúnta cothaithe lena gcomhlíontar modheolaíocht an...
Údarás Conarthachta:
European Food Safety Authority (EFSA)
Dáta foilsithe TED:
12/05/2015
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
07/08/2015
Stádas:
Dúnta
Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil
Faisnéis
OC/EFSA/DATA/2015/03.
Tacaíocht do shuirbhéanna náisiúnta cothaithe lena gcomhlíontar modheolaíocht an AE um biachláir (an cúigiú tacaíocht).
Is é aidhm an nós imeachta soláthair seo conarthaí seirbhíse dírí a dhámhachtain d'eagraíochtaí ó Bhallstáit AE, agus ón Eilvéis, ón Iorua, agus ón Íoslainn, a bhfuil sainordú rialtais acu chun suirbhé um réimeanna bia a dhéanamh ar leibhéal náisiúnta sa tréimhse ó 2015 go 2020 agus i gcás nach raibh suirbhé náisiúnta cothaithe déanta laistigh den tír sna 5 bliana seo a chuaigh thart don spriocghrúpa beartaithe. De réir na gconarthaí a bheidh mar thoradh ar an nós imeachta ní mór don chonraitheoir(do na conraitheoirí) modheolaíocht a oiriúnú nó a fhorbairt a bheidh le húsáid sna suirbhéanna sin de réir threoir EFSA maidir le modheolaíocht an AE um biachláir. Ba cheart go mbeadh na sonraí cothaithe a bhailítear trí na conarthaí ar fáil le haghaidh ghníomhaíochtaí eolaíochta EFSA gan srianadh ar a n-úsáid.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Garspriocanna
12/05/2015 00:00
Neamhbhainteach
07/08/2015 23:59
26/08/2015 14:30
Bearta
Uimhir an Bhirt Teideal Tuairisc
Beart 1
'Suirbhé na leanaí', lena n-áirítear leanaí is ábhair d'aois 3 mhí suas go 9 mbliana d'aois
Cuspóir 1: an mhodheolaíocht le húsáid sa suirbhé náisiúnta um chaitheamh bia a oiriúnú nó a fhorbairt de réir threoir EFSA maidir le modheolaíocht an AE um biachláir agus chun prótacail náisiúnta agus doiciméid ghaolmhara a ullmhú agus a chur ar fáil do EFSA, agus chun bailiú na sonraí a stiúradh agus a dhéanamh.Cuspóir 2: chun na sonraí um chaitheamh bia mar aon le faisnéis ghaolmhar arna mbailiú i rith an tsuirbhé de réir na formáide atá ag teastáil ó EFSA a ullmhú agus a tharchur chuig EFSA.
Beart 2
'Suirbhé na n-aosach', lena n-áirítear daoine is ábhair d'aois 10 mbliana suas le daoine 74 bliain d'aois.
Cuspóir 1: an mhodheolaíocht le húsáid sa suirbhé náisiúnta um chaitheamh bia a oiriúnú nó a fhorbairt de réir threoir EFSA maidir le modheolaíocht an AE um biachláir agus chun prótacail náisiúnta agus doiciméid ghaolmhara a ullmhú agus a chur ar fáil do EFSA, agus chun bailiú na sonraí a stiúradh agus a dhéanamh.Cuspóir 2: chun na sonraí um chaitheamh bia mar aon le faisnéis ghaolmhar arna mbailiú i rith an tsuirbhé de réir na formáide atá ag teastáil ó EFSA a ullmhú agus a tharchur chuig EFSA.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2015/S 091-162600
Fógra Conartha
12/05/2015 00:00