Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Staidéar clibeála chun cúiseanna básmhaireachta a chinneadh maidir le troisc i M...
Údarás Conarthachta:
European Innovation Council and Small and Medium-sized EnterprisesExecutive Agen...
Dáta foilsithe TED:
28/05/2015
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
07/07/2015
Stádas:
Dúnta
Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil Tá an spriocdháta chun doiciméid a íoslódáil maidir leis an nGlao ar Thairiscintí sroichte. Ní féidir doiciméid a íoslódáil
Faisnéis
EASME/EMFF/2015/010.
Staidéar clibeála chun cúiseanna básmhaireachta a chinneadh maidir le troisc i Muir Éireann.
Teastaíonn ó EASME dul i bpáirt le conradh seirbhíse agus é mar phríomhchuspóir an t-eolas a fheabhsú maidir le dáileadh agus ascnamh stoc trosc (Gadus morhua) i Muir Éireann (ICES Division VIIa) agus na dinimicí pobail lena mbaineann. Tugtar cuireadh do thairgeoirí modheolaíocht a chur ar fáil le haghaidh clár clibeála comhghnásach mórscála atá dírithe ar Mhuir Éireann agus é a chur chun feidhme, lena mbainfidh dea-chlúdach spásúil agus nascthacht le stoic trosc comharsanachta, d'fhonn léargas críochnúil a chur ar fáil maidir le básmhaireacht, patrúin imirce agus faisnéis ábhartha chun tuiscint níos fearr ar dhinimicí pobail an stoic sin a fháil. Táthar ag súil go mairfidh an tionscadal seo ar feadh 3 bliana agus go dtabharfar tacaíocht do mheasúnú an stoic agus go rannchuideofar lena bhainistíocht sa todhchaí faoi phlean ilbhliantúil.Is iad seo a leanas cuspóirí sainiúla an staidéir:a) anailís a dhéanamh ar ghluaiseachtaí trosc agus ar phatrúin imirce i Muir Éireann agus sna limistéir chomharsanachta;b) sainaithint a dhéanamh ar a mhéad agus atá meascadh idir na pobail trosc i Muir Éireann agus i limistéir chomharsanachta amhail limistéar Linne Chluaidh agus Sruth na Maoile, agus teorainn theas an stoic a chinneadh. Beidh sé riachtanach cinneadh a dhéanamh má tharlaíonn meascadh le stoic Iarthar na hAlban agus na Mara Ceiltí, faoi mar atá curtha síos ag ICES;c) tionchar thosca agus pharaiméadair an chomhshaoil agus eile maidir le gluaiseachtaí trosc agus patrúin imirce a shainaithint agus a anailísiú;d) fás trosc agus struchtúr pobail an stoic a bhíonn cónaitheach i Muir Éireann a mheas;e) básmhaireacht iascaireachta stoc trosc Mhuir Éireann agus b'fhéidir le haghaidh stoic trosc eile sa limistéar a chinneadh, agus tábhacht na faisnéise sin a shainaithint le haghaidh an stoc a mheasúnú;f) comhairle bainistíochta a chur ar fáil maidir le gnéithe atá le breithniú i bplean bainistíochta ilbhliantúil.Ag deireadh an chonartha, soláthróidh an conraitheoir cur síos ar bhitheolaíocht, ar struchtúr agus ar fheidhmiú an stoic traosc i Muir Éireann, ag déanamh sainaithinte chomh fada agus is féidir ar na príomhfhoinsí básmhaireachta, ar theorannacha stoc agus ar mheascadh le stoic eile. Tugtar cuireadh don chonraitheoir moltaí a chur ar fáil le haghaidh an stoc a bhainistiú, ar bhonn na gcuspóirí faoi mar atá curtha síos sa CFP.
Seirbhísí
Nós imeachta oscailte
Dúnta
Ticeáilte
Neamhbhainteach
Garspriocanna
28/05/2015 00:00
Neamhbhainteach
07/07/2015 23:59
14/07/2015 00:00
Bearta Níl aon bheart sa Ghlao ar Thairiscintí.
Fógraí
Tagairt Cineál an fhógra Dáta Foilsithe
2015/S 101-183482
Fógra Conartha
28/05/2015 00:00
Cúnamh