Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Teideal:
Seirbhísí ginearálta cumarsáide agus foilsithe
Údarás Conarthachta:
European Maritime Safety Agency
Dáta foilsithe TED:
07/04/2018
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
14/05/2018
Stádas:
Dúnta
Faisnéis an Bhirt
5
Seirbhísí dearaidh ghrafaigh agus leagan amach
Cuimsíonn Beart 5 seirbhísí dearaidh ghrafaidh agus leagain amach chun físghrafaicí agus léaráidí a chlúdach, maille le leagan amach d’fhoilseacháin EMSA. a) Dearadh grafach Teastaíonn soláthar grafaicí eolais agus léaráidí agus iad deartha go gairmiúil, lena n-áirítear cairteacha, grafaicí sreafa oibre agus léarscáileanna ó fhoilseacháin agus láithreán gréasáin EMSA (méid: leathanach A5 nó A4). Is ar bhunús na faisnéise ó EMSA a sholáthróidh an conraitheoir físábhair leordhóthanacha. Fónfaidh dearthóirí don fhéidearthacht go mbeidh dhá chéim ar a laghad ag teastáil ó EMSA chun athdhearadh nó bailchríochnú a dhéanamh ar drhéacht-fhísábhair. Is le ríomhphost comhaid dhigitigh ineagraithe a bheidh sa seachadadh (e.g. comhad .ai, .tiff nó .indd) gan aon srianta ríchíosa. Tairgfidh na tairgeoirí luachan do ráta daonlae (bunaithe ar lá 7.5 uair) agus curricula vitae d’íosmhéid beirt shaineolaithe. Soláthrófar samplaí leis an tairiscint i gcomhréir leis na critéir cháilíochta (Alt 16 de na sonraíochtaí tairisceana). b) Seirbhísí leagain amach B’fhéidir go dteastóidh cúnamh breise ó EMSA do leagan amach foilseachán, lena n-áirítear tuairiscí teicniúla, bileoga trífhillte agus bróisiúir 4/8 leathanach, etc. Fónfaidh dearthóirí don fhéidearthacht go mbeidh dhá chéim ar a laghad ag teastáil ó EMSA chun athdhearadh nó bailchríochnú a dhéanamh ar dhréacht-leagan amach. Is le ríomhphost comhaid dhigitigh ineagraithe a bheidh sa seachadadh (e.g. .indd nó .indt) gan aon srianta ríchíosa. Ba chóir do thairgeoirí luachana a thairiscint i gcomhair le ráta daonlae (bunaithe ar lá 7.5 uair), leagan amach na bhfoilseachán liostaithe, chomh maith le curricula vitae d’íosmhéid bheirt shaineolaithe. Soláthrófar samplaí leis an tairiscint i gcomhréir leis na critéir cháilíochta (Alt 16 de na sonraíochtaí tairisceana).
Is eacnamúla