Sonraí an Ghlao ar Thairiscintí

Rectificatif No 3 concernant les extincteurs publié. Le Formulaire 8 - Partie 4 - modifié
Teideal:
Cothabháil suiteálacha agus oibreacha leictreacha, HVAC agus sláintíochta i bhfo...
Údarás Conarthachta:
European Court of Auditors (ECA)
Dáta foilsithe TED:
24/10/2018
Dáta deiridh le haghaidh tairiscintí:
30/11/2018
Stádas:
Dúnta
Faisnéis an Bhirt
2
Cothabháil suiteálacha agus oibreacha HVAC agus sláintíochta
Is iad seo a leanas na seirbhísí cothabhála a chlúdaítear leis an gconradh seo:— gach oibríocht um chothabháil choisctheach,— gach oibríocht um chothabháil cheartaitheach,— gach seirbhís dhuchtála,— gach seirbhís chúnaimh um bainistíocht comhshaoil,— cúnamh le linn imscrúduithe tréimhsiúla ar thug an comhlacht ceadaithe fúthu.Feidhmeofar na seirbhísí úd ar feadh achar an chonartha i gcomhréir le héilimh na Cúirte.Na hoibreacha HVAC agus sláintíochta, nach ionann agus idirghabhálacha faoi na seirbhísí cothabhála, agus a d’fhéadfadh bheith riachtanach i rith an chonartha; baineann siad go sonrach le mionathruithe agus / nó le tionscadail athchóirithe nó athnuachana, nó le faireachán ar oibreacha ar thug comhlacht tríú páirtí fúthu. Is féidir mionathruithe beaga a dhéanamh ar feadh saolré an chonartha ag brath ar éilimh na Cúirte, agus is oibríochtaí níos casta iad na tionscadal athchóirithe nó athnuachana óna dteastaíonn idirghabháil le roinnt comhlachtaí. Ní fheidhmeofar gach ceann de na tionscadail úd ach amháin uair amháin i rith an chonartha.Leagtar amach in Iarscríbhinn 2A liosta de na príomhshuiteálacha a bhaineann leis an gconradh. Is chun cuspóirí faisnéise amháin a thugtar a dtuairisc theicniúil agus chainníochtúil. Is liosta neamh-uileghabhálach é seo, agus ba cheart go gcomhlánófaí é dá mba ghá ag an gconraitheoir féin. Glactar leis go mbíonn gach suiteáil i ndea-bhail oibre. Meastar gach trealamh, suiteáil agus oiriúint choimhdeach mar chuid lárnach de na suiteálacha.Tharraing an Chúirt liosta sealadach agus neamh-uileghabhálach de sheirbhísí agus soláthairtí a d’fhéadfadh bheith de dhíth ar an gCúirt, mar chuid den chothabháil cheartaitheach nó mar chuid de na hoibreacha a bhaineann leis an gconradh seo (Iarscríbhinn 2C). Ní hionann é sin gealltanas ón gCúirt chun na seirbhísí/na hoibreacha sin a dhéanamh, agus is dóichí go gcuirfear leis an liosta sin thar thréimhse ama agus de réir riachtanas.
Praghas