- eTendering 4.15.1 Faoi eTendering
- Cúnamh
- Léarscáil an Láithreáin
- Cookies
- Teagmháil
- Fógra Dlíthiúil
A úsáideoirí, Ba mhaith linn a chur in iúl duit go gcuirfear deireadh de réir a chéile le TED eTendering ón 25 Deireadh Fómhair 2023 i leith. Cuirfear an tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ ina ionad agus tógfaidh sí na feidhmiúlachtaí uile ar láimh de réir a chéile. Ar an Tairseach, beidh tú in ann teacht ní hamháin ar phríomhshonraí na nglaonna poiblí ar thairiscintí ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais, ach ar dhoiciméid agus ceisteanna agus freagraí a bhaineann le glao ar thairiscintí, ar rudaí iad atá foilsithe faoi láthair ar TED eTendering. Má tá tuilleadh eolais uait, déan teagmháil le EC-EPROCUREMENT-SERVICE-DESK@ec.europa.eu Cad é eTendering?Is ardán Ríomhsholáthair eTendering atá bunaithe ar threoracha an CE mar is féidir le hÚdaráis Chonarthachta agus Oibreoirí Eacnamaíocha a gcuid gníomhaíochtaí Ríomhsholáthair laethúla a fheidhmiú. Trí rochtain a ligean ar dhoiciméadúchán a bhaineann le Glaonna ar Thairiscintí amhail Doiciméadúchán conarthach, Sonraíochtaí teicniúla, Iarscríbhinní, Ceisteanna agus Freagraí, is ionann eTendering agus síneadh an-éifeachtach ar TED (Tenders Electronic Daily), leagan ar líne 'Fhorlíonadh d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh'. Déantar an t-idirbheart gnó a phróiseáil faoi thimpeallacht dhaingean agus ar bhealach éifeachtach. Is é eTendering an bealach is costéifeachtaí córas tairiscintí a fheidhmiú - tá na seirbhísí uile atá molta saor in aisce. Conas is féidir liom leas a bhaint as eTendering?Soláthraítear rochtain ar dhoiciméadúchán gaolmhar Ghlaonna uile ar Thairiscintí trí eTendering. Déantar é a nuashonrú cúig huaire in aghaidh na seachtaine agus déantar é a chomhtháthú agus a shioncronú le TED. Is é an leas atá ann d'úsáideoirí eTendering mar a leanas: Maidir le hÚdaráis Chonarthachta
Maidir le hOibreoirí Eacnamaíocha
Cén fáth ar chóir dom clárú ar eTendering?Is próiseas an-éasca an próiseas cláraithe agus tá sé oscailte do chách. Ní gá ach an fhaisnéis is bunúsaí le haghaidh an chláraithe - níl aon rud éigeantach ach seoladh ríomhphoist bailí agus an pasfhocal riachtanach. Tá clárú agus úsáid eTendering saor in aisce, agus fanfaidh sé amhlaidh. Tá an fhaisnéis uile a bhaineann le Glaonna ar Thairiscintí inrochtana fiú gan chlárú. Mar sin féin, gheobhaidh an t-úsáideoir cláraithe rochtain fosta ar an bhfeidhmiúlacht a leanas:
|