Cad é eTendering?

Is ardán Ríomhsholáthair eTendering atá bunaithe ar threoracha an CE mar is féidir le hÚdaráis Chonarthachta agus Oibreoirí Eacnamaíocha a gcuid gníomhaíochtaí Ríomhsholáthair laethúla a fheidhmiú. Trí rochtain a ligean ar dhoiciméadúchán a bhaineann le Glaonna ar Thairiscintí amhail Doiciméadúchán conarthach, Sonraíochtaí teicniúla, Iarscríbhinní, Ceisteanna agus Freagraí, is ionann eTendering agus síneadh an-éifeachtach ar TED (Tenders Electronic Daily), leagan ar líne 'Fhorlíonadh d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh'. Déantar an t-idirbheart gnó a phróiseáil faoi thimpeallacht dhaingean agus ar bhealach éifeachtach. Is é eTendering an bealach is costéifeachtaí córas tairiscintí a fheidhmiú - tá na seirbhísí uile atá molta saor in aisce.

Conas is féidir liom leas a bhaint as eTendering?

Soláthraítear rochtain ar dhoiciméadúchán gaolmhar Ghlaonna uile ar Thairiscintí trí eTendering. Déantar é a nuashonrú cúig huaire in aghaidh na seachtaine agus déantar é a chomhtháthú agus a shioncronú le TED. Is é an leas atá ann d'úsáideoirí eTendering mar a leanas:

Maidir le hÚdaráis Chonarthachta

  • Tairgtear timpeallacht ríomhsholáthair chomhoibritheach d'Údaráis Chonarthachta le haghaidh doiciméadúchán iomlán Ghlaonna ar Thairiscintí a mhionsaothrú,
  • Soláthraítear an fhéidearthacht chun freagraí ar cheisteanna 'Oibreoirí Eacnamaíocha' a phróiseáil agus a eagrú.
  • Soláthraítear sioncronú le Glaonna ar Thairiscintí a dhéantar a mhionsaothrú ar eNotices agus a fhoilsítear ar thairseach TED.
  • An fhéidearthacht Glaonna ar Thairiscintí de luach níos ísle a fhoilsiú fosta go neamhspleách ó thairseach TED.

Maidir le hOibreoirí Eacnamaíocha

  • Soláthraítear rochtain ar dhoiciméadúchán gaolmhar Ghlaonna uile ar Thairiscintí atá ar fáil go poiblí,
  • Soláthraítear na huirlisí agus na seirbhísí chun ullmhúchán trédhearcach slán a dhéanamh maidir le ceisteanna um Ghlaonna ar Thairiscintí agus maidir le hiad a chur isteach,
  • Soláthraítear rochtain ghasta ar fhreagraí poiblí agus príobháideacha uile a dhearbhaítear,
  • Soláthraítear seirbhísí breise amhail fógraí a bhaineann le hathruithe ar Ghlaonna ar Thairiscintí roghnaithe.
  • Soláthraítear rochtain fosta ar Ghlaonna ar Thairiscintí de luach níos ísle má shocraíonn an tÚdarás Conarthachta iad a fhoilsiú (níl a bhfoilsiú éigeantach).

Cén fáth ar chóir dom clárú ar eTendering?

Is próiseas an-éasca an próiseas cláraithe agus tá sé oscailte do chách. Ní gá ach an fhaisnéis is bunúsaí le haghaidh an chláraithe - níl aon rud éigeantach ach seoladh ríomhphoist bailí agus an pasfhocal riachtanach. Tá clárú agus úsáid eTendering saor in aisce, agus fanfaidh sé amhlaidh.

Tá an fhaisnéis uile a bhaineann le Glaonna ar Thairiscintí inrochtana fiú gan chlárú. Mar sin féin, gheobhaidh an t-úsáideoir cláraithe rochtain fosta ar an bhfeidhmiúlacht a leanas:

  • Ceisteanna a bhaineann le Glaonna ar Thairiscintí a chur isteach nó a mhionathrú,
  • Fógraí a bhaineann le hathruithe ar Ghlaonna ar Thairiscintí a liostáil,
  • Teachtaireachtaí a eagrú a bhaineann le Glaonna ar Thairiscintí roghnaithe ina bhfuil suim aige.
Cúnamh