Fógra dlíthiúil tábhachtach

 

Tá an fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo faoi réir séanadh, fógra cóipchirt agus rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta.

 

Séanadh

Is ann do na suíomhanna TED, SIMAP, eTendering agus eNotices (an córas SIMAP anseo feasta) chun rochtain níos fearr a thabhairt don phobal ar fhaisnéis maidir le tairiscintí poiblí san Aontas Eorpach, chomh maith le feabhas a chur ar bhainistiú na nósanna imeachta tairisceana. Féachaimid le gach faisnéis a choimeád cothrom le dáta agus cruinn, agus nuair a chuirtear earráidí ar ár súile dúinn, féachaimid lena gceartú.

 

Ní ghlacann an Coimisiún le freagracht nó le dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an bhfaisnéis atá ar na suíomhanna gréasáin seo, mar atá:

  • faisnéis ghinearálta amháin, nár cuireadh ar fáil chun dul i gceann na ndálaí sonracha a bhaineann le haon duine nó eintiteas ar leith
  • ní gá go mbeadh sí cuimsitheach, iomlán, cruinn ná cothrom le dáta
  • a mbíonn nasc aici uaireanta le suíomhanna eile nach dtagann faoi rialú Oifig na bhFoilseachán agus nach nglacann sí le freagracht ar bith astu
  • ní comhairle ghairmiúil ná dhlíthiúil atá inti (má theastaíonn comhairle shonrach uait, ba cheart dul i gcomhairle le duine gairmiúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige).

 

Tabhair faoi deara nach gá gur macasamhail bheacht téacs a bhfuil glactha go hoifigiúil leis aon doiciméad a fhaightear ar líne. Ní mheastar a bheith inghlactha ach fógraí tairiscintí poiblí a fhoilsítear i leagain DVD-ROM d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh sa teanga oifigiúil a roghnaigh an t-eintiteas conarthach mar fhógraí tairiscintí poiblí barántúil.

 

Féachaimid le cur isteach ó earráidí teicniúla a íoslaghdú. D'fhéadfadh sé, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach cuid de na sonraí atá sa suíomh gréasáin seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid, agus nílimid in ann a ráthú nach gcuirfidh na hearráidí seo isteach ar an tseirbhís ná nach gcuirfidh siad stop léi. Ní ghlacann Oifig na bhFoilseachán aon fhreagracht as fadhbanna a thagann as úsáid a bhaint as an suíomh seo nó as aon suíomhanna seachtracha atá nasctha leis.

 

Níl an séanadh seo ceaptha teorainn a chur le dliteanas Oifig na bhFoilseachán de shárú ar aon cheanglas atá leagtha síos sa dlí náisiúnta is infheidhme, ná a dliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach féidir a eisiamh faoin dlí sin.

 

Fógra cóipchirt

© An tAontas Eorpach, 1998-2020

Cuirtear beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh chun feidhme faoin gCinneadh ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le doiciméid an Choimisiúin a athúsáid. Ach amháin má luaitear a mhalairt, féadfar na fógraí soláthair atá foilsithe san fhorlíonadh ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus na doiciméid soláthair atá ar fáil in eTendering a athúsáid, a úsáid chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála.

Tá an cóipcheart a bhaineann le hábhar eagarthóireachta shuíomhanna SIMAP (SIMAP, TED, eNotices, eSentool agus eTendering) ceadúnaithe faoin gceadúnas Admhála Creative Commons 4.0 Idirnáisiúnta (CC BY 4.0). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear athúsáid ar choinníoll go dtugtar creidiúint chuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

by

D'fhéadfadh sé go mbeadh ort cearta breise a fháil má thaispeántar daoine aonair ar féidir iad a aithint in inneachar ar leith nó má tá saothar tríú páirtí mar chuid de. Ní cheadaítear ceisteanna ó thairgeoirí a athúsáid gan toiliú i scríbhinn a fháil ó na tairgeoirí féin. Chun ábhar nach leis an Aontas Eorpach é a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort cead a lorg go díreach ón sealbhóir cirt. Bogearraí nó doiciméid atá cumhdaithe ag cearta maoine tionsclaíochta, amhail paitinní, trádmharcanna, dearaí cláraithe, lógónna agus ainmneacha, tá siad eisiata ó bheartas athúsáide an Choimisiúin agus níl siad ceadúnaithe duit.

Ní cheadaítear lógónna chóras SIMAP (lógónna TED san áireamh) a úsáid gan toiliú a fháil roimh ré ó Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

meiteashonraí chóras SIMAP tiomnaithe don fhearann poiblí i gcomhréir leis an ngníomhas Creative Commons CC0 1.0 Universal Public Domain Dedication.

Chun comhaid a fháil i bhformáid XML trí fhreastalaí FTP chun críoch saothraithe agus athscaipthe tráchtála, teastaíonn pasfhocal chuige sin. Is féidir an pasfhocal sin a fháil saor in aisce ach ríomhphost a sheoladh tríd an bhfoirm theagmhála ar shuíomh gréasáin TED.

Má theastaíonn aon eolas eile uait faoi cheisteanna cóipchirt a bhaineann le SIMAP, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig: op-copyright@publications.europa.eu.

Do shonraí pearsanta a chosaint

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin dóigh a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

Clár

  • Réamhrá

  • Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

  • Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

  • Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

  • Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

  • Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

  • Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

  • Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

  • Sonraí teagmhála

  • Tuilleadh eolais

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

 

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

 

Thíos tá an t-eolas maidir leis an oibríocht phróiseála “clárú úsáideora eTendering” a dhéanann aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh”, de chuid Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh.

Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh” de chuid na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta nuair a chláraíonn tú d’fhonn leas a bhaint as na hardseirbhísí.

 

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

 

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais;

is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh;

 

agus

 

tá cead tugtha agat i do cháil mar ábhar sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

 

Bunúis bhreise dlí atá leis an bpróiseáil:

 

· Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais

· Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2015 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha le haghaidh foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí

· Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain

· Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar poiblí

· Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir leis an soláthar a dhéanann eintitis a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist

· Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus le hoibriú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh

 

Ina theannta sin, na dlíthe is infheidhme maidir le hearnálacha sonracha.

Cé na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh” de chuid na hOifige Foilseachán na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

 

Úsáideoirí príobháideacha

 

Sonraí éigeantacha:

· príomhúdarás conarthach

· ainm agus sloinne

· seoladh ríomhphoist

 

Úsáideoirí poiblí

 

Sonraí éigeantacha:

· seoladh ríomhphoist

 

Sonraí roghnacha:

· ainm agus sloinne

· uimhir theileafóin

· ainm na heagraíochta

· seoladh

Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh” na hOifige Foilseachán do shonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse is gá chun sonraí a bhailiú nó chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, is é sin a fhad agus a bhaintear úsáid ghníomhach astu. Baintear do chuntas nuair a stopann tú de bheith ag obair sa cháil sin. Bíonn do chuid freagraí agus ceisteanna le feiceáil go dtí go ndúntar an glao ar thairiscintí.

Cén chaoi a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Déantar na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.) a stóráil ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh nó ar fhreastalaithe a chonraitheoirí. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir de bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

 

Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le próiseáil ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán ‘RGCS’ (AE) 2016/679).

 

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na cineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla, ní dhéantar cead rochtana ar na sonraí pearsanta a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe, baill foirne conraitheora san áireamh, de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe dlíthiúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagal 14 go hAirteagal 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála agus tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.

 

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dlíthiúil de bhun Airteagal 5(1)(a).

 

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil d’aonad C.3 “TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh” na hOifige Foilseachán le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

 

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a chuid eolais teagmhála le fáil faoin gCeannteideal “Sonraí Teagmhála” thíos.

 

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála ar leith amháin nó níos mó, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) Taifid mar atá sonraithe faoin gCeannteideal ‘Tuilleadh eolais’ thíos) i d’iarratas.

Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

 

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, aonad C.3 "TED agus Soláthar Poiblí an Aontais Eorpaigh" de chuid na hOifige Foilseachán, info@publications.europa.eu.

 

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

 

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

 

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis)(edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Tuilleadh eolais

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register.

 

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil leis: DPR-EC-00455.

 

 

Cúnamh