- eTendering 4.15.1 Faoi eTendering
- Cúnamh
- Léarscáil an Láithreáin
- Cookies
- Teagmháil
- Fógra Dlíthiúil
Glao ar Thairiscintí
|
Beartas maidir le fianáinLe go n-oibreoidh suíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán i gceart, tarlaíonn sé uaireanta go gcuirimid comhaid bheaga sonraí, ar a dtugtar ‘fianáin’, ar do ghléas. Cad is fianáin ann?Is comhad beag téacs é an fianán. Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin sábhálann an suíomh gréasáin an fianán ar do ríomhaire nó ar do ghléas soghluaiste. Fágann sé gur féidir leis an suíomh gréasáin an méid a rinne tú ar an suíomh agus do shainroghanna (mar shampla pasfhocal, teanga, clómhéid agus sainroghanna eile taispeána) a choinneáil i gcuimhne ar feadh tréimhse ama, le nach mbeidh ortsa iad a iontráil gach uile uair a thagann tú ar ais chuig an suíomh nó nuair a théann tú ó leathanach go leathanach.
Gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán, iarrtar ort fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Is féidir fianáin a úsáid freisin chun staitisticí anaithnide a chur ar bun faoin eispéireas brabhsála ar ár suíomhanna. Conas a úsáidtear fianáin?Úsáideann suíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachán “fianáin chéadpháirtí” den chuid is mó. Is fianáin iad sin atá socraithe agus rialaithe ag Oifig na bhFoilseachán, ní ag aon eagraíocht sheachtrach. Chun amharc ar roinnt leathanach dár gcuid, áfach, beidh ort glacadh le fianáin ó eagraíochtaí seachtracha. Is féidir leat na fianáin sin a scriosadh nó a bhlocáil, ach má dhéanann tú sin b'fhéidir nach mbeadh roinnt gnéithe ar an suíomh ag obair mar ba cheart. Seo an t-eolas a choinnítear i gcuimhne sna fianáin sin:
Sainroghanna cuairteoiríIs muidne a shocraíonn iad sin agus ní féidir ach linn féin iad a léamh. Leis na sainroghanna sin cuimhnítear ar cé acu ar ghlac tú le beartas fianáin an tsuímh seo nó ar dhiúltaigh tú dó.
Fianáin oibríochtúlaBíonn roinnt fianán ann nach mór dúinn a chur san áireamh le go bhfeidhmeoidh leathanaigh ghréasáin áirithe. Ar an gcúis sin, ní gá cead a fháil uait sna cásanna sin. Go háirithe an méid seo a leanas:
Fianáin fíordheimhniúcháinDéantar iad a stóráil nuair a logálann tú isteach ar shuíomhanna Oifig na bhFoilseachán, trí úsáid a bhaint as ár seirbhís fíordheimhniúcháin (EU Login). Nuair a dhéanann tú é sin, glacann tú leis an mbeartas príobháideachais lena mbaineann.
Féadfaidh sé go n-athróidh ainmneacha na bhfianán sin, ar chúiseanna teicniúla. Fianáin theicniúla
Fianáin anailísíochtaÚsáidimid iad seo le haghaidh taighde inmheánach faoin dóigh ar féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís a chuirimid ar fáil dár n-úsáideoirí go léir. Ní dhéanann na fianáin seo ach an dóigh a n-idirghníomhaíonn tú lenár suíomh gréasáin a mheas – mar úsáideoir anaithnid (ní dhéanann na sonraí a bhailítear fút tú a aithint go pearsanta). Ina theannta sin, ní chomhroinntear na sonraí sin le haon tríú páirtí ná ní úsáidtear iad chun aon chríche eile. D’fhéadfadh sé go gcomhroinnfí na staitisticí anaithnidithe le conraitheoirí a bhíonn ag obair ar thionscadail chumarsáide faoi chomhaontú conarthach le hOifig na bhFoilseachán. Mar sin féin, is féidir leat na cineálacha sin fianán a dhiúltú leis an meirge fianán a fheicfidh tú ar an gcéad leathanach ar a dtugann tú cuairt.
Fianáin tríú páirtíD’fhéadfadh sé go mbeadh ábhar ó sholáthraithe seachtracha, mar shampla YouTube, Facebook agus Twitter, á thaispeáint ar chuid dár leathanaigh. Chun amharc ar an ábhar tríú páirtí seo, ní mór duit glacadh lena gcuid téarmaí agus coinníollacha sonracha ar dtús. Áirítear leis sin a mbeartais fianáin, nach bhfuil aon smacht againn orthu. Ach mura n-amharcann tú ar an ábhar sin, ní shuiteáiltear aon fhianán tríú páirtí ar do ghléas. Soláthraithe tríú páirtí ar shuíomhanna gréasáin Oifig na bhFoilseachánBíonn na seirbhísí tríú páirtí sin saor ó rialú Oifig na bhFoilseachán. D’fhéadfadh soláthraithe a dtéarmaí seirbhíse, a gcuspóir agus an dóigh a mbaineann siad úsáid as fianáin, etc. a athrú ag am ar bith. Sonraí príobháideachaNí bhaintear leas as an eolas a bhaineann le fianáin chun tú a aithint go pearsanta agus tá smacht iomlán againn ar na sonraí brabhsála. Ní bhaintear aon úsáid eile as na fianáin sin seachas an úsáid a bhfuil cur síos déanta uirthi anseo. Conas a choinnítear smacht ar na fianáin?Is féidir leat fianáin a bhainistiú/a scriosadh de réir mar is mian leat – féach aboutcookies.org chun tuilleadh sonraí a fháil Fianáin a bhaint de do ghléasIs féidir leat na fianáin go léir atá ar do ghléas cheana a scriosadh ach stair bhrabhsála do bhrabhsálaí a ghlanadh. Bainfidh sé sin na fianáin go léir ó na suíomhanna gréasáin go léir ar ar thug tú cuairt. Bíodh a fhios agat áfach go bhféadfá roinnt faisnéise a sábháladh a chailliúint (e.g. sonraí logáil isteach a sábháladh, sainroghanna suímh). Fianáin a bhaineann go sonrach le suíomh a bhainistiúChun rialú níos mionsonraithe a dhéanamh ar fhianáin a bhaineann go sonrach le suíomh, seiceáil na socruithe príobháideachais agus fianáin i do bhrabhsálaí sainroghnaithe. Fianáin a bhlocáilIs féidir leat formhór na mbrabhsálaithe nua-aimseartha a shocrú chun bac a chur ar fhianáin a bheith curtha ar do ghléas, ach d’fhéadfadh sé go mbeadh ort roinnt sainroghanna a athrú gach uair a thugann tú cuairt ar shuíomh/leathanach. Agus d’fhéadfadh sé nach n-oibreodh roinnt seirbhísí agus feidhmiúlachtaí i gceart ar chor ar bith (e.g. logáil isteach ar do phróifíl). Tá tuilleadh eolais faoi na fianáin ar fáil anseo: https://ec.europa.eu/info/cookies. |
- eTendering 4.15.1 Faoi eTendering
- Cúnamh
- Léarscáil an Láithreáin
- Teagmháil
- Fógra Dlíthiúil